Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Geineasas 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Geineasas 12:1-20

Geineasas

12 Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. 2 Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d’ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.

3 Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort.

Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort.

Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile

An domhain iad féin a bheannú.”

4 D’imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh Lót in éineacht leis. Bhí Abrám cúig bliana déag is trí fichid nuair a d’fhág sé Hárán. 5 Agus thug sé leis Sáraí a bhean, agus Lót mac a dhearthár, agus a raibh de mhaoin cnuasaithe acu agus a raibh de dhaoir ina seilbh acu i Hárán. D’imíodar leo ar an mbealach go Canán. Nuair a thánadar go Canán 6 ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd. 7 Thaispeáin an Tiarna é féin d’Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó. 8 Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna. 9 Agus bhog Abrám leis ag dul i dtreo an Neigib i gcónaí.

10 Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír. 11 Agus é ar tí dul isteach san Éigipt dúirt Abrám lena bhean Sáraí: “Féach anois, tá a fhios agam gur sciamhach an bhean tú le féachaint ort. 12 Nuair a fheicfidh na hÉigiptigh thú, déarfaidh siad: ‘Sin í an bhean,’ agus maróidh siad mise ach déanfaidh siad anacal ortsa. 13 Abair leo gur tú mo dheirfiúr i dtreo go rithfidh go maith liom de do chionn-sa agus go ndéanfaí anacal orm ar do shonsa.” 14 Agus nuair a chuaigh Abrám isteach san Éigipt chonaic na hÉigiptigh go raibh an bhean an-sciamhach. 15 Nuair a chonaic flatha Fhorainn í, mholadar í i láthair Fhorainn agus tugadh an bhean isteach i bpálás Fhorainn. 16 Agus chaith seisean go maith le hAbrám ar a son agus fuair sé caoirigh agus eallach, agus asail, daoir fir agus mná, agus láracha asail, agus camaill. 17 Chráigh an Tiarna Forann is a theaghlach le plánna troma mar gheall ar Sháraí bean Abrám. 18 Ghlaoigh Forann chuige ar Abrám dá bhrí sin agus dúirt: “Cad é seo a rinne tú orm? Cén fáth nár inis tú gurbh í do bhean í? 19 Cén fáth a ndúirt tú: ‘Is í mo dheirfiúr í,’ i dtreo go ndearna mé mo chuid féin di? Sea anois, sin í do bhean agat! Beir leat í agus imigh!” 20 D’ordaigh Forann buíon fear ina chúram agus chuireadar chun siúil é, é féin agus a bhean agus a raibh aige.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn