Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Samúéil 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
An Bíobla Naofa
2 Samúéil 1:1-27

2 Samúéil

2 SAMÚÉIL

1 Nuair a bhí Sól tar éis bháis, d’fhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag. 2 Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó. 3 “Cá has ar tháinig tú?” d’fhiafraigh Dáiví de. “D’éalaigh mé as campa na nIosraelach,” ar sé. 4 “Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D’fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.” 5 Ansin d’fhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: “Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?” 6 “Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” d’fhreagair an t-óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian. 7 D’fhéach sé siar agus chonaic mise agus ghlaoigh orm, agus d’fhreagair mé: ‘Anseo dom.’ 8 ‘Cé hé thú féin?’ ar sé liom. ‘Amailéiceach,’ arsa mise. 9 Dúirt sé ansin liom: ‘Seas os mo chionn agus maraigh mé mar tá speabhraídí tagtha orm cé go bhfuil an t-anam ionam ar fad fós.’ 10 Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhraisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.”

11 Ansin rug Dáiví ar a chuid éadaigh agus stróic sé iad. Na fir go léir a bhí ina chuideachta, rinne siad an rud céanna. 12 Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.

13 Ansin dúirt Dáiví leis an óglach a thug an scéala chuige: “Cad as duit?” “is mac duine dheoranta, Amailéiceach mé,” ar sé. 14 Dúirt Dáiví: “Conas nárbh eagal leat do lámh a shíneadh chun ungthach an Tiarna a scrios?” 15 Ansin ghlaoigh Dáiví ar dhuine dá shaighdiúirí: “Gabh i leith,” ar sé; “treascair é.” Bhuail agus mharaigh. 16 “Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i d’aghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’”

17 Ansin chaoin Dáiví Sól agus a mhac Iónátán leis an gcaoineadh seo leanas. 18 Dúirt sé é a mhúineadh, dá ghruama é, do chlann Iúdá. Féach, tá sé scríofa i Leabhar na bhFiréan. Mar seo a dúirt sé:

19 “Uchón, tá glóir Iosrael ar lár ar d’ardáin!

Cad é mar a d’éag na gaiscígh!

20 Ná hinsigí é i nGat

Agus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon.

Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach,

Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh.

21 A Shléibhte Ghiolboa,

Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh.

A bhánta fill!

Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich.

Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,

22 Ach le fuil na gcréachtach agus saill na laoch.

Níor chas bogha Iónátán ar ais

Ná níor fhill claíomh Shóil follamh.

23 Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe!

Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh!

Ba mhire iad ná na hiolair.

Ba láidre ná na leoin.

24 A iníonacha Iosrael caoinigí Sól,

A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga,

A chuir dealga óir

Ar bhur bhfeisteas.

25 Conas a d’éag na gaiscígh

I lár an chatha?

A Iónátán, is é do bhás a chloígh mé!

26 [1:26a] Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó.

Ba thú mo lao is m’ansacht.

Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin.

27 [1:26b] Conas a d’éag na gaiscígh?

Conas a theip an trealamh catha?”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn