Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Ríthe 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
1 Ríthe 5:1-18

1 Ríthe

5 [5:15] Chuir Híorám rí na Tuíre toscaireacht ag triall ar Sholamh nuair a chuala sé gur ungadh é ina rí i gcomharbacht ar a athair mar ba chara riamh é Híorám do Dháiví. 2 [5:16] Agus sheol Solamh an teachtaireacht seo go dtí Híorám: 3 [5:17] “Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m’athair teach a thógáil d’ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad. 4 [5:18] Ach tá suaimhneas tugtha dom ag an Tiarna mo Dhia ar gach taobh, gan namhaid agam ná tubaiste. 5 [5:19] Tá sé beartaithe agam dá bhrí sin teach a thógáil d’ainm an Tiarna mo Dhia, faoi mar a dúirt an Tiarna le Dáiví m’athair—‘Do mhac, an té a chuirfidh mé ina shuí i do ríchathaoir i d’áit, eisean a thógfaidh an teach do m’ainm.’ 6 [5:20] Cuir céadair na Liobáine á ngearradh dom; déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse, agus díolfaidh mise tuarastal do shearbhóntaíse leat de réir cibé ráta a shocróidh tusa. Níl aon duine againne chomh hoilte ar leagan crann agus atá na Síodónaigh, mar is eol duit.” 7 [5:21] Nuair a chuala Híorám a raibh ráite ag Solamh, bhí gliondar air, agus dúirt: “Moladh leis an Tiarna inniu,” ar sé, “a thug mac eagnaí do Dháiví le bheith i gceannas ar an gcine mór seo.” 8 [5:22] Agus chuir Híorám scéala go dtí Solamh: “Fuair mé do theachtaireacht; táimse sásta a bhfuil uait de chrainn chéadair agus cufróige a sholáthar. 9 [5:23] Tabharfaidh [do] shearbhóntaí síos chun na farraige iad ón Liobáin, agus cuirfidh mé á dtarraingt ar cheann téide ar farraige iad go dtí cibé áit a déarfaidh tú; leagfaidh mé ansiúd iad agus beidh siad agatsa. Maidir leatsa, déanfaidh tú lón a sholáthar do mo theaghlach de réir mar a iarrfaidh mé.” 10 [5:24] Rinne Híorám a raibh d’adhmad céadair agus cufróige ag teastáil ó Sholamh a sholáthar dó, 11 [5:25] agus thug Solamh fiche míle tomhas cruithneachta do Híorám mar bhia dá theaghlach, agus fiche míle tomhas d’ola ghlan. Thug Solamh an méid sin do Híorám bliain i ndiaidh na bliana. 12 [5:26] Thug an Tiarna eagna mar a gheall sé do Sholamh. Bhí cairdeas idir Híorám agus Solamh agus rinneadar conradh lena chéile beirt.

13 [5:27] Rinne Solamh rí meitheal saothair éigeantaigh a thobhach ar Iosrael go léir; tríocha míle fear líon na meithle. 14 [5:28] Chuir sé iad seo chun na Liobáine ar a n-uain, deich míle sa mhí. Chaithidís mí sa Liobáin agus dhá mhí sa bhaile. Bhí Adoiníreám i gceannas na meithle. 15 [5:29] Bhí seachtó míle de lucht iompair agus ceithre fichid míle de lucht gearrtha cloch ag Solamh sna sléibhte, 16 [5:30] agus, ina dteanntasan, saoistí na bhfeidhmeannach a bhí i bhfeighil na hoibre, trí mhíle trí chéad díobh i gceannas na bhfear a bhí i mbun na hoibre. 17 [5:31] Ar ordú an rí bhaineadar clocha móra suaitheantasacha chun máithreacha an Teampaill a leagan le clocha gearrtha. 18 [5:32] Rinne saoir Sholaimh agus saoir Híorám agus na Gibligh an t-adhmad agus na clocha do thógáil an Teampaill a ghearradh agus a bhailiú.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn