Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Ríthe 21
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
An Bíobla Naofa
2 Ríthe 21:1-26

2 Ríthe

21 Bhí Manaise dhá bhliain déag d’aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana déag agus daichead i réim in Iarúsailéim. Heifzí Bá ab ainm dá mháthair. 2 Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. 3 Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh. 4 Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: “In Iarúsailéim a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m’ainm.”

5 Thóg sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna. 6 Chuir sé d’iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge. 7 An íomhá ghreanta d’Aiséará a rinne sé, chuir sé suas í sa teach a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, tabharfaidh mé áit lonnaithe do m’ainm go brách. 8 Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad go beacht gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir a d’ordaigh mo shearbhónta Maois dóibh.” 9 Ach níor éist siad agus mheall Manaise iad le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.

10 Ansin labhair an Tiarna ó bhéal a shearbhóntaí na fáithe: 11 “Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol, 12 seo mar a deir an Tiarna, rí Iosrael: ‘Féach! tabharfaidh mé a leithéid de thubaiste ar Iarúsailéim agus ar Iúdá go gcuirfidh sé gigilt ar chluais gach duine a chluinfidh faoi. 13 Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha. 14 Caithfidh mé uaim iarmhar m’oidhreachta, agus tabharfaidh mé iad i lámha a naimhde á chur d’iallach orthu bheith mar chreach agus mar éadáil ag a naimhde go léir, 15 mar rinne siad an t-olc i m’fhianaise agus d’adhain siad m’fhearg ón lá a tháinig a sinsir amach as an Éigipt go dtí inniu féin.’”

16 Dhoirt Manaise an oiread sin d’fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t-olc i bhfianaise an Tiarna.

17 An chuid eile de stair Mhanaise, a imeachtaí go léir, na coireanna a rinne sé, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 18 Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i ngairdín a pháláis, gairdín Uzá; agus tháinig a mhac Ámón i gcomharbacht air.

19 Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d’aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i réim in Iarúsailéim. Misilimit, iníon Hárúz ó Iotbá, ab ainm dá mháthair. 20 Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair. 21 Rinne sé aithris ar a athair i ngach slí, agus é ag fónamh do na híola dar fhóin a athair, agus ag adhradh dóibh. 22 Thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear, agus níor lean sé bealach an Tiarna. 23 Rinne oifigigh Ámón comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh é ina phálás. 24 Ach mharaigh muintir na tuaithe gach duine a rinne comhcheilg in aghaidh an rí Ámón, agus d’fhógair siad Ióisíá a mhac ina rí ina dhiaidh.

25 An chuid eile de stair Ámón, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 26 Adhlacadh é i dtuama a athar i gairdín Uzá, agus tháinig a mhac Ióisíá i gcomharbacht air.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn