Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Croinicí 14
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
An Bíobla Naofa
1 Croinicí 14:1-17

1 Croinicí

14 Chuir Híorám rí na Tuíre teachtairí go Dáiví le hadhmad céadair agus saoir chloiche, agus saoir adhmaid, le pálás a thógáil dó. 2 Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ag an Tiarna mar rí ar Iosrael, agus go raibh a réimeas á mhóradh ar mhaithe lena phobal Iosrael. 3 Ghlac Dáiví a thuilleadh ban chuige i Iarúsailéim agus ghin sé a thuilleadh mac agus iníonacha. 4 Seo iad ainmneacha na leanaí a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobáb, Nátán, Solamh, 5 Ibcheár, Eilíseúa, Eilpilit, 6 Noga, Neifig, Iáifía, 7 Eilíseámá, Beiliádá, agus Eilífilit.

8 Nuair a chuala na Filistínigh gur ungadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir mháirseáil siad go léir amach ar a thóir. Chuala Dáiví ina thaobhsan agus ghabh sé amach ina gcoinne. 9 Nuair a tháinig na Filistínigh chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím. 10 Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?” D’fhreagair an Tiarna é: “Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.” 11 Ghabh siad suas go Bál Parázaím dá bhrí sin agus bhuaigh Dáiví orthu ansiúd. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad le mo chabhair, faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Tugadh, dá bhrí sin, Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin. 12 D’fhág na Filistínigh a n-íola ansiúd agus d’ordaigh Dáiví iad a dhó, rud a rinneadh.

13 Tháinig na Filistínigh arís agus chuir siad cóiriú oscailte catha orthu féin sa ghleann. 14 Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia agus d’fhreagair Dia é: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim. 15 Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann balsaim, ar aghaidh le d’ionsaí mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.” 16 Rinne Dáiví mar a d’ordaigh an Tiarna dó, agus chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go dtí Bealach Gheizir. 17 Leath cáil Dháiví ar fud na gcríoch go léir, agus líon an Tiarna gach cine le heagla roimhe.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn