Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Croinicí 6
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
  • 40
  • 41
  • 42
  • 43
  • 44
  • 45
  • 46
  • 47
  • 48
  • 49
  • 50
  • 51
  • 52
  • 53
  • 54
  • 55
  • 56
  • 57
  • 58
  • 59
  • 60
  • 61
  • 62
  • 63
  • 64
  • 65
  • 66
  • 67
  • 68
  • 69
  • 70
  • 71
  • 72
  • 73
  • 74
  • 75
  • 76
  • 77
  • 78
  • 79
  • 80
  • 81
An Bíobla Naofa
1 Croinicí 6:1-81

1 Croinicí

6 [5:27] Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí. 2 [5:28] Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil. 3 [5:29] Clann Amrám: Árón, Maois agus Miriám. Clann Árón: Nádán, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. 4 [5:30] Ghin Eileázár Píneachás. Ghin Píneachás Aibíseúa. 5 [5:31] Ghin Aibíseúa Bucaí. Ghin Bucaí Uizí. 6 [5:32] Ghin Uizí Zaraichiá. Ghin Zaraichiá Maráiót. 7 [5:33] Ghin Maráiót Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb. 8 [5:34] Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Aichímeaz, 9 [5:35] Ghin Aichímeáz Azairiá. Ghin Azairiá Ióchánán. 10 [5:36] Ghin Ióchánán Azairiá—eisean a bhí ag fónamh mar shagart sa Teampall a thóg Solamh in Iarúsailéim. 11 [5:37] Ghin Azairiá Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb. 12 [5:38] Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Sealúm. 13 [5:39] Ghin Sealúm Hilcíá. Ghin Hilcíá Azairiá. 14 [5:40] Ghin Azairiá Saráiá. Ghin Saráiá Iahózádác. 15 [5:41] Chaith Iahózádác dul ar deoraíocht nuair a sheol an Tiarna Iúdá agus Iarúsailéim chun deoraíochta i lámha Nabúcadnazar.

16 [6:1] Clann mhac Léiví: Géirseom, Cohát, Maráraí. 17 [6:2] Seo iad ainmneacha chlann mhac Ghéirseom: Libní agus Simeí. 18 [6:3] Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil. 19 [6:4] Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Sin iad finí Léiví de réir a sinsear.

20 [6:5] Maidir le Géirseom: Libní a mhac, Iachat a mhacsan, Zimeá a mhacsan, 21 [6:6] Ióách a mhacsan, Ideo a mhacsan, Zearach a mhacsan, Iataraí a mhacsan. 22 [6:7] Clann mhac Chohát: Amaíneádáb a mhacsan, Corach a mhacsan, Aisír a mhacsan, 23 [6:8] Ealcáná a mhacsan, Eibiásáf a mhacsan, Aisír a mhacsan, 24 [6:9] Tachat a mhacsan, Úiríéil a mhacsan, Uizíá a mhacsan, Seáúl a mhacsan. 25 [6:10] Clann mhac Ealcáná: Amásai agus Aichímeot. 26 [6:11] Ealcáná a mhacsan, Sófaí a mhacsan, Nachat a mhacsan, 27 [6:12] Eilíáb a mhacsan, Iarochám a mhacsan, Ealcáná a mhacsan. 28 [6:13] Clann mhac Ealcáná: Samúéil a chéadghin, Aibíá a dhara mac.

29 [6:14] Clann mhac Mharáraí: Mailí, Libní a mhac, 30 [6:15] Simeí a mhacsan, Haigíá a mhacsan, Asáiá a mhacsan.

31 [6:16] Seo iad an mhuintir a chuir Dáiví i bhfeighil na cantaireachta i dTeampall Dháiví tar éis don áirc teacht ann go seasta. 32 [6:17] Ba é a ndualgas cúram a dhéanamh den chantaireacht os comhair taibearnacal Bhoth na Teagmhála nó gur thóg Solamh Teampall an Tiarna in Iarúsailéim; de réir na rialacha a ceapadh dóibh is ea a rinne siad a gcúram.

33 [6:18] Seo iad na fir a rinne seirbhís, agus a mic: De chlann mhac Chohát: Haemán an cantaire, mac Ióéil, mac Shamúéil, 34 [6:19] mac Ealcáná, mac Iarochám, mac Eilíéil, mac Thóach, 35 [6:20] mac Zúf, mac Ealcáná, mac Mhachat, mac Amasai, 36 [6:21] mac Ealcáná, mac Ióéil, mac Azairiá, mac Zafainiá, 37 [6:22] mac Thachat, mac Aisír, mac Eibiásáf, mac Chorach, 38 [6:23] mac Izeár, mac Chohát, mac Léiví, mac Iosrael. 39 [6:24] Sheas a dheartháir Ásáf ar dheis: Ásáf mac Bheiriciá, mac Shimeá, 40 [6:25] mac Mhíocáéil, mac Bháiséiá, mac Mhíocáéil, 41 [6:26] mac Eitní, mac Zearach, mac Adáiá, 42 [6:27] mac Éatán, mac Zimeá, mac Shimeí, 43 [6:28] mac Iachat, mac Ghéirseom, mac Léiví. 44 [6:29] Ar chlé bhí clann mhac Mharáraí: Éatán mac Chisí, mac Aibdí, mac Mhallúc, 45 [6:30] mac Haisibiá, mac Amaiziá, mac Hilcíá, 46 [6:31] mac Aimzí, mac Bháiní, mac Sheimir, 47 [6:32] mac Mhailí, mac Mhúisí, mac Mharáraí, mac Léiví. 48 [6:33] Bhí a ndeartháireacha na Léivítigh tíolactha go hiomlán do sheirbhís thaibearnacal Theampall an Tiarna.

49 [6:34] Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d’Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna. 50 [6:35] Seo iad clann mhac Árón: Eileázár, Píneachás a mhac, Aibíseúa a mhacsan, 51 [6:36] Bucaí a mhacsan, Úizí a mhacsan, Zaraichiá a mhacsan, 52 [6:37] Maráiót a mhacsan, Amairiá a mhacsan, Aichítiúb a mhacsan, 53 [6:38] Zádóc a mhacsan, Aichímeáz a mhacsan.

54 [6:39] Seo iad a n-áitribh de réir teorainneacha a dtailte: Do chlann mhac Árón d’fhine na gCohátach (mar is orthu a thit an crann), 55 [6:40] thug siad Heabrón i dtír Iúdá, agus a fhéarach máguaird; 56 [6:41] ach thug siad páirceanna agus sráidbhailte na cathrach seo do Chálaeb mac Iafuna. 57 [6:42] Do chlann mhac Árón, thug siad na cathracha tearmainn: Heabrón, Libneá agus a thalamh féaraigh, Iaitir, Eistimeo, lena thalamh féaraigh, 58 [6:43] Híléin lena thalamh féaraigh, Deibír lena thalamh féaraigh, 59 [6:44] Áiseán lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh. 60 [6:45] Ó threibh Bhiniáimin thug siad Geaba lena thalamh féaraigh, Ailimit lena thalamh féaraigh, Anatót lena thalamh féaraigh; fuair a bhfiní trí chathair déag ar fad.

61 [6:46] Tugadh ar cranna don chuid eile de na Cohátaigh, deich gcathracha ó fhiní na treibhe, ón leath-threibh, leath Mhanaise. 62 [6:47] Tugadh trí chathair déag do na Géirseomaigh de réir a bhfiní, as treibh Íosácár, as treibh Áiséar, as treibh Naftáilí agus as treibh Mhanaise i mBáiseán. 63 [6:48] Tugadh dhá chathair déag do na Maráraígh de réir a bhfiní, as treibh Reúbaen, as treibh Ghád, agus as treibh Zabúlun. 64 [6:49] Thug clann Iosrael na cathracha sin lena dtalamh féaraigh do na Léivítigh. 65 [6:50] Thug siad dóibh chomh maith, de chur crann, na cathracha a ainmníodh uathu as treibh Iúdá, as treibh Shimeon, agus as treibh Bhiniáimin.

66 [6:51] Tugadh freisin d’fhiní de chlann Chohát cathracha dá gcuid féin de threibh Eafráim. 67 [6:52] Tugadh dóibh na cathracha tearmainn: Seicim lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, Geizir lena thalamh féaraigh, 68 [6:53] Iocmám lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh, 69 [6:54] Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh; 70 [6:55] as leath-threibh Mhanaise: Ánaer lena thalamh féaraigh, Bileám lena thalamh féaraigh, don chuid eile d’fhiní chlann Chohát.

71 [6:56] Tugadh do shliocht Ghéirseom as leath-threibh Mhanaise: Gólán i mBáiseán lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh; 72 [6:57] agus as treibh Íosácár: Ceidis lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh. 73 [6:58] Rámot lena thalamh féaraigh agus Ánaem lena thalamh féaraigh; 74 [6:59] as treibh Áiséar: Máiseál lena thalamh féaraigh, agus Abdón lena thalamh féaraigh, 75 [6:60] Húcoc lena thalamh féaraigh, agus Rachob lena thalamh féaraigh; 76 [6:61] as treibh Naftáilí: Ceidis sa Ghailíl lena thalamh féaraigh, Hamón lena thalamh féaraigh, Ciriátaím lena thalamh féaraigh.

77 [6:62] Don chuid eile de na Maráraígh, tugadh as treibh Zabúlun, Rimeonó lena thalamh féaraigh, Tábór lena thalamh féaraigh; 78 [6:63] agus thar Iordáin ag Ireachó, lastoir den Iordáin, as treibh Reúbaen: Beizir san fhásach lena thalamh féaraigh, Iahzá lena thalamh féaraigh, 79 [6:64] Cidéamót lena thalamh féaraigh, agus Maefát lena thalamh féaraigh; 80 [6:65] as treibh Ghád: Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, Machanaím lena thalamh féaraigh, 81 [6:66] Heisbeón lena thalamh féaraigh, agus Iazaer lena thalamh féaraigh.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn