Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Croinicí 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
2 Croinicí 5:1-14

2 Croinicí

5 Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé. 2 Ansin chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael agus taoisigh na dtreibheanna agus cinn finí phobal Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, cathair Dháiví. 3 Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh sa seachtú mí le linn na féile. 4 Agus tháinig seanóirí Iosrael ar fad agus thug na Léivítigh suas an áirc; 5 thug siad an áirc suas agus Both na Teagmhála agus na soithí naofa a bhí inti; d’iompair na sagairt agus na Léivítigh leo suas iad. 6 Solamh rí agus pobal uile Iosrael a bhí bailithe le chéile in éineacht leis os comhair na háirce, rinne siad caoirigh agus daimh gan líon gan áireamh a íobairt. 7 Thug na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní. 8 San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní ar leathadh mar scáth os cionn na háirce agus a cuaillí. 9 Bhíodarsan chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit shárnaofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh. Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu féin. 10 Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá chlár a chuir Maois inti i Horaeb, áit a ndearna an Tiarna conradh leis na hIosraelaigh nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.

11 Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, Na sagairt go léir a bhí i láthair, cibé ord lenar bhain siad, bhí siad tar éis iad féin a naomhú. 12 Na cantairí Léivíteacha go léir, Ásáf, Héamán, Iadútún, agus a gclann mhac agus a ndeartháireacha, sheas siad lastoir den altóir, agus iad gléasta i línéadach mín ag seinm ciombal, cláirseach agus cruiteanna, agus céad agus a fiche sagart ag comhsheinm leo ar an stoc. 13 Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna d’aonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna:

“Óir is maith é,

agus maireann a bhuanghrá de shior.”

Líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna.

14 De bharr an néil seo níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais; bhí Teampall Dé lán de ghlóir an Tiarna.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn