Nihimiá
10 [10:2] ar an gcáipéis shéalaithe bhí na hainmneacha seo: Nihimiá mac Hacailiá, Zidiciá, 2 [10:3] Saráiá, Azairiá, Irimia, 3 [10:4] Páischiúr, Amairiá, Mailcíveá, 4 [10:5] Hatúis, Seabainiá, Malúc, 5 [10:6] Háirim, Maraemót, Obaidiá, 6 [10:7] Dainéil, Gineatón, Bárúc, 7 [10:8] Misiulám, Aibíá, Míováimin, 8 [10:9] Máiziá, Bilgí, Seamaiá; 9 [10:10] sin iad na sagairt.
Ansin na Léivítigh: Iéisiúa mac Azainiá, Bionúi de chlann mhac Haenádád, Caidmíéil, 10 [10:11] agus a ngaolta Seabainiá, Hóidíá, Cilíteá, Paláiá, Hánán, 11 [10:12] Míceá, Rachób, Haisibiá, 12 [10:13] Zacúr, Séiribiá, Seabainiá, 13 [10:14] Hóidiá, Báiní, Biníniú. 14 [10:15] Uachtaráin an phobail: Parois, Pachat Móáb, Éalám, Zatú, Báiní, 15 [10:16] Buiní, Azgád, Baebái, 16 [10:17] Adoiníá, Bigví, Áidín, 17 [10:18] Átaer, Hiziciá, Azúr, 18 [10:19] Hóidiá, Háisium, Baezái, 19 [10:20] Háiríf, Anatót, Naebái, 20 [10:21] Maigpíáis, Misiulám, Héizír, 21 [10:22] Miséazabael, Zádóc, Iadúa, 22 [10:23] Palaitiá, Hánán, Anáiá, 23 [10:24] Hóiséa, Hanainiá, Haisiúb, 24 [10:25] Halóichéis, Pilcheá, Seobaec, 25 [10:26] Rachúm, Haiseabná, Másaeiá, 26 [10:27] Aichíá, Hánán, Ánán, 27 [10:28] Malúc, Hairím, Báná. 28 [10:29] Agus an chuid eile den phobal, na sagairt, agus na Léivítigh, na gardaí geata, na cantairí, na tíolacthaigh, agus gach duine a scar le bunadh na dtíortha le cloí le dlí Dé; a mná, a gclann mhac agus iníonacha, agus gach duine a bhí tagtha go blianta na tuisceana— 29 [10:30] aontaíonn siad lena ngaolta, agus lena n-uachtaráin, agus gabhann siad orthu de bhrí mionna agus mallachta siúl i gcosán dhlí Dé a tugadh trí Mhaois searbhónta Dé, agus aitheanta uile an Tiarna, ár dTiarna, agus a ghnásanna agus a reachtanna, a chomhlíonadh.
30 [10:31] De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n-iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n-iníonacha mar mhná dár mic. 31 [10:32] Má thugann muintir na tíre earraí nó bia ar bith le díol ar an tsabóid, ní cheannóimid aon ní uathu ar shabóid ná ar fhéile. Ní éileoimid [torthaí ar an talamh] gach seachtú bliain agus maithfimid gach fiacha.
32 [10:33] Tógaimid orainn na dualgais seo leanas: An tríú cuid de sheicil a thabhairt in aghaidh na bliana ar son riachtanais liotúirge Theampall an Tiarna, 33 [10:34] d’arán na láithreachta, don abhlann bhuan, don íobairt uileloiscthe bhuan, do na híobairtí ar na sabóidí, ar fhéilte na ré nua, ar na sollúntais cheaptha; do na bianna tíolactha, do na híobairtí peaca le leorghníomh a dhéanamh thar ceann Iosrael, do sheirbhísí uile Theampall ár nDé, is é sin.
34 [10:35] Maidir le soláthairtí adhmaid le dó ar altóir ár nDé faoi mar atá scríofa sa dlí, chuireamar ar cranna é idir sagairt agus Léivítigh agus pobal, agus shocraíomar go ndéanfadh gach teaghlach ar a uain iad a sheachadadh go Teampall an Tiarna ár nDe tráthanna áirithe gach bliain. 35 [10:36] Ina theannta sin: céadtorthaí ár n-ithreach, agus céadtorthaí torthaí gach crainn a thabhairt gach bliain go Teampall ár nDé, 36 [10:37] agus céadghin mic ár gclainne, agus céadghin ár n-eallaigh, faoi mar atá scríofa sa dlí—do na sagairt ar dualgas i dTeampall an Tiarna céadghin ár dtáinte agus ár dtréada. 37 [10:38] Tabharfaimid freisin togha ár mine, toradh gach crainn, fíon nua agus ola, chun na sagart, go seomraí Theampall ár nDé; agus go dtí na Léivítigh deachúna na talún; baileoidh na Léivítigh féin na deachúna ónár mbailte go léir faoin tuath. 38 [10:39] Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste, 39 [10:40a-b] mar gur go dtí na seomraí sin a thugann na hIosraelaigh agus na Léivítigh a síntiúis arbhair agus fíona agus ola, agus gur iontu a choimeádtar soláthairtí don sanctóir, do na sagairt ar dualgas, do na gardaí geata agus do na cantairí. [10:40c] Ní dhéanfaimid faillí go deo arís ar Theampall ár nDe.