Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 28
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Iób 28:1-28

Iób

28 Tá mianach ann don airgead

Agus tine ann leis an ór a ghlanadh.

2 Tógtar iarann as an talamh,

Agus tagann copar ón gcloch leáite.

3 Cuireann an duine deireadh le dorchadas.

Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladh

Síos go híochtar agus go grinneall.

4 Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt,

In áiteanna atá gan teannta don chois,

Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine.

5 An talamh as a dtagann an t-arán,

Déantar é a chreachadh laistíos le tine.

6 Is leaba saifírí a chlocha,

Agus ór is luaithreach aige.

7 Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche,

Agus ní fhaca súil na baidhbhe í.

8 Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin,

Ná níor leag an leon a chosa air.

9 Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch,

Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn.

10 Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha,

Agus é ag faire amach do gach sort seoide.

11 Cuardaíonn sé foinsí na n-aibhneacha,

Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.

12 Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáil

Agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?

13 Ní eol don duine an bealach chuici,

Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.

14 Deir an duibheagán: “Níl sí ionamsa,”

Agus an fharraige: “Níl sí faramsa.”

15 Ní féidir í a cheannach ar ór,

Ná díol aisti le meáchan airgid.

16 Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír,

Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.

17 Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi,

Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.

18 Ní fiú cuireal ná criostal a lua—

I gcóimheas léi ní fiú péarla an t-iascach.

19 Tópás na hAetóipe ní ionann agus í,

Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.

20 Ach inis dom, cad as don eagna?

Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?

21 Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir,

Agus ceilte ar éanlaith an aeir.

22 Deir Abadón agus an Bás:

“Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.”

23 Ag Dia amháin is fios a cosán,

Agus dó is eol a háit lonnaithe.

24 Mar tá radharc aige go imill na cruinne,

Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.

25 Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth,

Agus a thomhais sé toirt na n-uiscí,

26 Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach,

Agus cosán le leanúint don toirneach,

27 Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas;

Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.

28 Agus dúirt sé leis an duine:

“Féach, eagla an Tiarna an eagna,

Agus an t-olc a sheachaint is ea an tuiscint.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn