Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 41
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
An Bíobla Naofa
Iób 41:1-34

Iób

41 [40:25] An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán?

Nó dorú a chur timpeall a theanga?

2 [40:26] An féidir duit fáinne a chur ar a shrón

Nó dubhán a chur trína ghiall?

3 [40:27] An ndéanfaidh sé mórchuid impí chugat?

Nó an meallfaidh sé thú le bladar?

4 [40:28] An ndéanfaidh sé margadh leat

A bheith ina dhaor agat go brách?

5 [40:29] An ndéanfaidh tú peata de mar a dhéanfá d’éan

Nó é a chur ar iall do do chailíní?

6 [40:30] An ndéanfaidh na cumainn iascairí é a dhíol

Agus ansin é a roinnt ar na ceannaitheoirí?

7 [40:31] An ndéanfaidh tú a sheithe a chlúdach le bacáin,

Nó a cheann le gathanna?

8 [40:32] Ní gá duit ach baint leis,

Agus ní dhéanfaidh tú dearmad ar a chomhrac, ná dul sa seans arís.

9 [41:1] Ba bhaoth é do dhóchas go deimhin,

Mar dhéanfadh fiú radharc air duine a threascairt.

10 [41:2] Nuair a mhúsclaítear é, éiríonn sé fíochmhar,

Ní féidir d’aon duine dul i ngleic leis.

11 [41:3] Cé a d’fhéadfadh é ionsaí agus teacht slán?

Ní fhéadfadh neach faoin spéir.

12 [41:4] Ní bheidh mé i mo thost faoina ghéaga,

Ná faoina neart éachtach, ná a chló gan cháim.

13 [41:5] Cé a d’fhéadfadh béal a chóta a oscailt

Nó ropadh trína lúireach dhúbailte?

14 [41:6] Cé a d’fhéadfadh comhlaí a aghaidh a oscailt?

Tá uafás mórthimpeall a fhiacal.

15 [41:7] Is cuma nó sraith sciath a dhroim,

Agus séala cloch á n-iadh.

16 [41:8] Táid i ngar dá chéile,

I dtreo nach dtéann aer eatarthu.

17 [41:9] Táid i ngreim ina chéile,

I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n-aonad.

18 [41:10] Nuair a ligeann sé sraoth, bladhmann solas uaidh,

Agus bíonn a shúile mar dheargadh an dá néal.

19 [41:11] Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal,

Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as.

20 [41:12] Tagann gal óna pholláirí

Mar a bhíonn ó choire ar fiuchadh ar an tine.

21 [41:13] Cuireann a anáil sméaróidí trí thine,

Agus tagann lasair as a bhéal.

22 [41:14] Tá an neart ag lonnú ina mhuineál,

Agus tá an t-uafás ag damhsa os a chomhair.

23 [41:15] Dlúthaíonn a sprochaillí feola le chéile,

Agus bíonn siad daingean dobhogtha air.

24 [41:16] Tá a chroí chomh teann le cloch,

Chomh daingean leis an mbró íochtair.

25 [41:17] Nuair a éiríonn sé tagann scéin ar na [tonnta],

Agus téann na [madhma] féin ar gcúl.

26 [41:18] Dá mbuailfeadh an claíomh é, ní chuirfeadh sé as dó,

Ná an tsleá, ná an ga, ná an bhunsach.

27 [41:19] Is cuma leis iarann nó dias,

práis nó adhmad críon.

28 [41:20] Ní chuireann saighead an teitheadh air,

Agus is cuma leis clocha láimhe nó brobanna tuí.

29 [41:21] Is cuma leis bata nó giolcach,

Agus gáireann sé faoi fhead na bunsaí.

30 [41:22] Tá sligí géara faoi thíos,

Agus gluaiseann sé thar an gceachair mar bhráca.

31 [41:23] Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire,

Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin.

32 [41:24] Fágann sé cosán glioscarnach ina dhiaidh,

Agus bíonn mar a bheadh lomra geal ar na huiscí.

33 [41:25] Níl a leithéid eile ar talamh,

Créatúr gan eagla.

34 [41:26] Féachann sé sa tsúil ar gach ní uaibhreach,

Agus is rí é ar mhic an díomais.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn