Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 10
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
Salm 10:1-18

Sailm

Achainí a Iarraidh Cabhair Dé

10 Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna?

Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

2 Téann an t-éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach

agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.

3 Óir maíonn an t-éagráifeach as mianta a chroí:

déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna.

4 Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.”

Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”

5 Éiríonn an bóthar leis i gcónaí

agus is fada óna aigne do bhreitheanna.

Is beag aige a naimhde uile.

6 Deir sé ina chroí: “Ní chorrófar mé:

Ní bhainfidh míshéan dom go brách.”

7 Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaí

agus fós de chealg is de bhréaga:

bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.

8 Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte:

dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh.

Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.

9 Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais,

fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise:

beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.

10 Cromann sé chun léim a thabhairt

agus titeann an t-anbhann le treise a lámh.

11 Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia;

folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

12 Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia!

agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.

13 Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia,

á rá ina chroí: “Ní imreoidh sé díoltas”?

14 Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh

ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh.

Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir,

is tú a thugann cúnamh don dílleachta.

15 Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh,

agair a n-urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.

16 Is é an Tiarna is rí go brách na breithe;

rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.

17 Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht;

daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,

18 a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d’fhulaing éigean

ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn