Sailm
Iomann Buíochais don Tiarna
118 Alleluia.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;
agus go maireann a bhuanghrá go brách.
2 Bíodh teaghlach Iosrael á rá:
“Maireann a bhuanghrá go brách.”
3 Bíodh teaghlach Árón á rá:
“Maireann a bhuanghrá go brách.”
4 Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna:
“Maireann a bhuanghrá go brách.”
5 Ghair mé ar an Tiarna i mo chruachás;
d’fhreagair sé agus shaor sé mé.
6 Tá an Tiarna i m’fhochair; ní baol dom.
Cad a dhéanfaidh an duine dom?
7 Tá an Tiarna i m’fhochair ag cuidiú liom;
beidh mo naimhde romham faoi tháir.
8 Is fearr dul i muinín an Tiarna
ná i muinín an duine.
9 Is fearr dul i muinín an Tiarna
ná i muinín na bhflatha.
10 Thimpeallaigh na ciníocha go léir mé;
threascair mé in ainm an Tiarna iad.
11 Chruinnigh siad thart i mo thimpeall;
threascair mé in ainm an Tiarna iad.
12 Chruinnigh siad i mo thimpeall mar bheacha,
ina mbladhaire amhail tine i measc driseog;
threascair mé in ainm an Tiarna iad.
13 Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn;
ach chuidigh an Tiarna liom.
14 Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach;
is é a thug slán mé.
15 Cluintear gártha lúcháire is caithréime
i mbothanna na bhfíréan.
“D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan;
16 is i a dheaslámh a d’ardaigh mé.
D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan.”
17 Ní éagfaidh mé, mairfidh mé;
agus inseoidh mé a mhóréachtaí.
18 Cé gur smachtaigh an Tiarna go dian mé,
níor dhaor sé chun báis mé.
19 Osclaígí dom doirse na fíréantachta;
rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais.
20 Seo agaibh doras an Tiarna
trína rachaidh na fíréin isteach.
21 Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom;
agus gur tú mo shlánaitheoir.
22 An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne ceann an chúinne di.
23 Is é an Tiarna a rinne an ní seo,
agus is éachtach linn é.
24 Is é seo an lá a rinne an Tiarna;
bíodh áthas is gliondar orainn.
25 Fóir orainn, achainímid, a Thiarna;
a Thiarna, go n-éirí linn!
26 Is beannaithe in ainm an Tiarna
an té atá le teacht.
Beannaímid sibh as teach an Tiarna.
27 Sé an Tiarna Dia ár solas.
Gabhaigí ar aghaidh i mórshiúl le craobhacha
go beanna na haltóra.
28 Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat;
móraim thú, a Dhia.
29 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;
maireann a bhuanghrá go brách.