Sailm
Muinín Iosrael sa Tiarna
Amhrán Oilithreach.
125 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu,
is cosúil le Sliabh Shíón iad–
sliabh nach féidir a bhogadh,
ach a sheasfaidh go brách.
2 Ar nós na gcnoc is na sléibhte
thart timpeall Iarúsailéim,
bíonn an Tiarna thart ar a phobal,
anois agus choíche.
3 Óir ní fhanfaidh ríshlat na n-éagráifeach
ar fhearann na bhfíréan,
sula ndéanfadh na fíréin a lámha
a iompú chun oilc.
4 Déan maith, a Thiarna, do dhaoine fónta,
agus do lucht an chroí dhírigh.
5 Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola
is ar lucht déanta an oilc.
Síocháin go raibh ar Iosrael.