Sailm
Altú Buíochais
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
21 [21:2] Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna,
cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh!
2 [21:3] Thug tú mian a chroí go deimhin dó,
is níor eitigh tú air achainíocha a bhéil.
3 [21:4] Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe,
agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.
4 [21:5] D’iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol air
a mhairfidh go brách ó aois go haois.
5 [21:6] Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh.
Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.
6 [21:7] Rinne tú ábhar beannachta go brách de;
cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.
7 [21:8] Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna:
toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.
8 [21:9] Béarfaidh do lámh ar d’eascairde go léir:
béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit.
9 [21:10] Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thine
an uair a thaibhseoidh do ghnúis.
Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad,
agus déanfaidh an tine a slogadh.
10 [21:11] Scriosfaidh tú a sliocht den talamh
agus a gclann as líon na ndaoine.
11 [21:12] Bíodh go mbeartóidís an t-olc i do choinne
nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,
12 [21:13] óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthu
agus teannfaidh tú do bhogha ina n-éadan.
13 [21:14] Éirigh, a Thiarna, i do neart:
canfaimid agus ceiliúrfaimid do chumhacht.