Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 4
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
An Bíobla Naofa
Salm 4:1-8

Sailm

Urnaí Oíche

Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví.

4 [4:2] Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta.

D’fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.

2 [4:3] A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire,

agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach?

3 [4:4] Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga:

éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.

4 [4:5] Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba.

5 [4:6] Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.

6 [4:7] Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn?

Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”

7 [4:8] Is mó a chuir tusa d’aoibhneas i mo chroí

ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.

8 [4:9] Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh,

óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn