Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 58
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
An Bíobla Naofa
Salm 58:1-11

Sailm

Breithiúna Éagóracha

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Mictam Dháiví.

58 [58:2] An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta?

an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine?

2 [58:3] Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroíthe

agus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh.

3 [58:4] Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar;

lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad.

4 [58:5] Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe;

le nimh na nathrach a chalcann a cluasa

5 [58:6] d’eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra

nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.

6 [58:7] Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia;

stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.

7 [58:8] Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána,

go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.

8 [58:9] Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de,

amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian.

9 [58:10] Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog

sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.

10 [58:11] Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltas

agus nífidh sé a chosa i bhfuil na n-urchóideach.

11 [58:12] Déarfar: “Dar go deimhin gheobhaidh an fíréan luach saothair;

tá Dia ann go dearfa a thugann breithiúnas ar talamh.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn