Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 60
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Salm 60:1-12

Sailm

Urnaí tar éis an Chatha

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim. [60:2] Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Arám Naharaím agus Arám Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn – 12,000 (fear).

60 [60:3] Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn;

bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.

2 [60:4] Chroith tú an talamh agus scoilt tú é.

Déan a chréachtaí a leigheas óir tá sé ar crith.

3 [60:5] Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain,

thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn.

4 [60:6] Thug tú comhartha don dream lenarb eagal tú

ionas go dteithfidís as raon an bhogha, Selah

5 [60:7] agus go ndéanfaí d’aos grá a shaoradh.

Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.

6 [60:8] Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:

“Roinnfidh mé Seicim go ríméadach

agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.

7 [60:9] Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;

is é Eafráim clogad mo chinn,

is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;

8 [60:10] is é Móáb mo bháisín níocháin.

Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg,

agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”

9 [60:11] Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta?

Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?

10 [60:12] Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia,

ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?

11 [60:13] Tabhair cúnamh dúinn in éadan ar naimhde

óir is díomhaoin é cúnamh ón duine.

12 [60:14] Déanfaimid gaisce le cunamh ó Dhia

óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn