Sailm
Urnaí an Fhíréin atá faoi Ghéarleanúint
Amhrán éagaointeach (Siggayon) de chuid Dáiví a chan sé don Tiarna mar gheall ar Chuis an Biniáimineach.
7 [7:2] A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean;
saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé,
2 [7:3] sula mbeiridís ar m’anam mar leon,
do mo sciobadh leo gan fear mo tharrthála ann.
3 [7:4] A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo,
má rinne mé urchóid le mo lámha,
4 [7:5] má thug mé an t-olc in aghaidh na maitheasa do mo chara,
má chreach mé mo namhaid gan chúis –
5 [7:6] go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm,
go ngabha sé de chosa i m’anam,
is go leaga sé m’oineach sa luaithreach.
6 [7:7] Éirigh, a Thiarna, le corp feirge:
éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom),
dúisigh, ó d’fhógair tú breithiúnas.
7 [7:8] Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall:
bí i do shuí os a gcionn in airde.
8 [7:9] Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha.
Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m’fhíréantachta
agus de réir an ionracais atá ionam.
9 [7:10] Cuir deireadh le hurchóid na n-éagráifeach
agus daingnigh na fíréin;
os tú a thriaileann croí agus áranna,
a Dhia na fíréantachta.
10 [7:11] Is é Dia mo sciath is mo dhídean
a shaorann lucht an chroí dhírigh.
11 [7:12] Breitheamh ceart cóir é Dia,
Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.
12 [7:13] Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh;
teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha;
13 [7:14] tá uirlisí marfacha gléasta aige
agus saigheada mar chaora tine.
14 [7:15] Bhí an t-urchóideach torrach ar an olc
ghabh sé an mhioscais agus shaolaigh an feall.
15 [7:16] D’oscail sé clais agus thochail í
ach thit sé sa pholl a rinne sé.
16 [7:17] Fillfidh a mhioscais ar a bhaithis féin:
ar a cheann féin a fhillfidh a fheall.
17 [7:18] Molfaidh mé an Tiarna as ucht a fhíréantachta:
ceolfaidh mé don Tiarna, an Neach is Airde.