Sailm
AN TRÍÚ LEABHAR
Bréagshonas na nÉagráifeach
Salm Ásáf.
73 Nach maith atá Dia don dream díreach;
an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí.
2 Ach is beag nár sciorr mo chosa uaim;
is beag nár shleamhnaigh mo chéimeanna;
3 óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde,
ag faire dom ar shéan na n-éagráifeach.
4 Ní bhíonn siad siúd á gcrá ná á gciapadh;
is slán a gcorp agus is sleamhain.
5 Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithe
ná ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile.
6 Uime sin, is é an t-uabhar a muince,
agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach.
7 Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais;
brúchtann smaointe a n-intinne amach.
8 Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseach
agus beartaíonn siad an t-ansmacht go huaibhreach.
9 Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéal
agus triallann a dteanga ar fud an talaimh.
10 Dá bhrí sin bíonn an pobal á moladh
agus slogann siad a mbíonn á rá acu.
11 Agus deir siad: “Cá bhfios do Dhia?
An amhlaidh is eol don Té is Airde?”
12 Féach! sin é dála na bpeacach;
téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.
13 Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agam
agus mo lámha a ní san ionracas,
14 agus mé bheith do mo chrá ar feadh an lae
agus do mo smachtú gach aon ré solais!
15 Dá ndéarfainn: “Labhróidh mé mar iad siúd,”
bheinn ag tréigean dúchas do chlainne.
16 Rinne mé machnamh d’fhonn go dtuigfinn an ní seo,
ach chuaigh sé thar m’acmhainn a dhéanamh,
17 nó go ndeachaigh mé i sanctóir Dé
is gur thugas do m’aire a gcríoch dhéanach.
18 Chuir tú i slí shleamhain iad go dearfa
agus thug orthu titim chun a n-aimhleasa.
19 Féach mar a thit siad le halt na haon uaire;
chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.
20 Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht
cuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna.
21 Toisc go raibh m’aigne á spreagadh chun feirge
le linn do mo chroí bheith á chiapadh,
22 bhí mé amaideach, baoth, neamhthuisceanach;
ba chuma nó beithíoch mé i d’fhianaise.
23 Mar sin féin bím i d’fhochair de shíor
agus beireann tú ar dheasláimh orm.
24 Déanfaidh tú mo threorú le do chomhairle
agus glacfaidh tú chun na glóire faoi dheoidh mé.
25 Cé atá agam ar neamh ach tú;
agus má bhím leatsa ní áil liom a bhfuil ar talamh.
26 Bíodh go gcliseann mo cholainn is mo chroí
rinne carraig mo chléibh de Dhia;
is é mo chuid é go síoraí suthain.
27 An drong a thréigeann thú rachaidh siad ar ceal;
scriosann tú a n-imíonn uait le striapachas.
28 Is fearr liomsa bheith i ngar do Dhia
agus mo dhóchas a chur sa Tiarna, mo Dhia,
ionas go n-inseoinn d’éachtaí go léir
i ndoirse iníon Shíón.