Sailm
Is é Dia an Breitheamh Cóir
Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Salm Ásáf. Amhrán.
75 [75:2] Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia;
gabhaimid buíochas leat; agraímid d’ainm
agus déanaimid d’éachtaí a fhógairt.
2 [75:3] “An uair a shocróidh mé féin
tabharfaidh mé breith de réir an chirt.
3 [75:4] Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil ann
is mé a dhaingnigh a cholúin.
4 [75:5] Deirim le lucht bladhmainn: ‘Scoirigí de bhur mbladhmann’;
agus leis na hurchóidigh: ‘Ná maígí bhur neart,
5 [75:6] ná déanaigí gaisce as bhur neart,
ná labhraigí go dolba dána.”
6 [75:7] Óir ní ón aird anoir ná aniar,
ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith;
7 [75:8] is é Dia féin an breitheamh;
umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann.
8 [75:9] Tá cupán d’fhíon dearg ag an Tiarna;
spíosraí ann is an cúr ag cur thar maoil.
Doirtfear amach é agus déanfar a dhiúgadh;
diúgfaidh urchóidigh uile an talaimh é.
9 [75:10a] Maidir liomsa: déanfaidh mé gairdeas go deo;
canfaidh mé Salm do Dhia Iacóib.
10 [75:10b] Brisfidh mé cumhacht lucht an oilc
agus ardófar na fíréin i gcumhacht.