Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 89
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
  • 40
  • 41
  • 42
  • 43
  • 44
  • 45
  • 46
  • 47
  • 48
  • 49
  • 50
  • 51
  • 52
An Bíobla Naofa
Salm 89:1-52

Sailm

Turnamh Theaghlach Dháiví

Mascil Ethan an dúchasach.

89 [89:2] Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna;

fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.

2 [89:3] Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách,

agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.

3 [89:4] “Cheangail mé conradh,” [a dúirt tú,] “leis an té a roghnaigh mé;

dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:

4 [89:5] ‘Socróidh mé do shliocht go brách,

agus bunóidh mé do ríchathaoir go deo.’”

5 [89:6] Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna;

tá d’fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.

6 [89:7] Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta,

cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?

7 [89:8] Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh;

is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.

8 [89:9] A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat?

Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.

9 [89:10] Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige;

is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.

10 [89:11] Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de;

agus scaip tú d’eascairde le do chuisle chumhachtach.

11 [89:12] Is leat na flaithis, is leat an talamh;

is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.

12 [89:13] Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart;

molann Tábór agus Hearmón d’ainm le corp áthais.

13 [89:14] Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna,

is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.

14 [89:15] Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir;

gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach.

15 [89:16] Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais;

siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.

16 [89:17] Déanann siad gairdeas i d’ainm feadh an lae;

agus déantar a móradh as ucht d’fhíréantachta.

17 [89:18] Is tú, a Thiarna, dealramh a gcumhachta;

agus is trí do chaoinchineáltas a ardaítear ár neart.

18 [89:19] Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint;

agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn.

19 [89:20] Labhair tú tráth i bhfís

á rá le do chairde naofa

“Thug mé cabhair do ghaiscíoch;

d’ardaigh mé fear tofa den phobal.

20 [89:21] Fuair mé Dáiví, mo ghiolla;

rinne mé a ungadh le m’ola naofa

21 [89:22] d’fhonn go mbeadh mo lámh leis de shíor;

agus go mbeadh mo chuisle ag neartú leis.

22 [89:23] Ní mheallfaidh an namhaid go brách é,

ná ní dhéanfaidh an t-urchóideach foréigean air,

23 [89:24] ach treascróidh mé a naimhde ina láthair;

agus buailfidh mé lucht a fhuatha.

24 [89:25] Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair;

agus is i m’ainmse a ardófar a neart.

25 [89:26] Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara

agus a dheaslámh os cionn na n-aibhneacha.

26 [89:27] Glaofaidh sé orm: ‘Is tú m’athair;

is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’

27 [89:28] Ceapfaidh mé ina chéadghin mic é;

an té is airde i measc ríthe na cruinne.

28 [89:29] Coinneoidh mé mo chineáltas go deo dó;

agus seasfaidh mo chonradh go daingean leis.

29 [89:30] Socróidh mé a shliocht go síoraí

agus a ríchathaoir mar laethanta na bhflaitheas.

30 [89:31] Má thréigeann a chlann mhac mo dhlí,

mura siúlann siad de réir mo phroiceaptaí,

31 [89:32] más amhlaidh a sháraíonn siad m’fhorálacha,

nó más amhlaidh a bhriseann siad m’aitheanta,

32 [89:33] agróidh mé a gcion orthu leis an tslat;

agus agróidh mé a gcoir orthu leis an lasc,

33 [89:34] ach ní bhainfidh mé mo bhuanghrá de go deo;

ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar.

34 [89:35] Ní bhrisfidh mé mo chor ná mo cheangal;

ná ní bhréagnóidh mé briathar mo bhéil.

35 [89:36] Aon uair amháin a mhionnaigh mé;

dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.

36 [89:37] Mairfidh a shliocht go brách;

beidh a chathaoir mar an ngrian i m’fhianaise;

37 [89:38] mairfidh sí go buan mar an ngealach,

ina finné fíordhílis ar neamh.”

Selah

38 [89:39] Ach theilg tú uait le déistin

is le corp feirge an té a d’ung tú féin.

39 [89:40] Bhris tú do chonradh le do ghiolla;

agus thruailligh tú a choróin sa deannach.

40 [89:41] Leag tú a mhúrtha go léir;

agus d’fhág tú a dhún ina fhothrach.

41 [89:42] Creachann a ngabhann an tslí é

ionas go bhfuil sé ina chúis aithise dá chomharsana.

42 [89:43] D’ardaigh tú deaslámh a naimhde;

chuir tú áthas ar a eascairde go léir.

43 [89:44] Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh;

is níor thug tú an bua dó sa chath.

44 [89:45] Chuir tú cosc lena ghlóir-réim;

leag tú a ríchathaoir ar lár.

45 [89:46] Ghiorraigh tú laethanta a óige;

agus d’fhág tú faoi náire shaolta é.

46 [89:47] Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach – an go brách é?

Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?

47 [89:48] Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol;

an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?

48 [89:49] Cé hé an duine beo nach bhfeicfidh an bás,

nó cé a thabharfaidh a anam ó chumhacht na huaighe?

49 [89:50] Cá bhfuil do chomaoineacha cianaosta, a Thiarna

a mhionnaigh tú do Dháiví dar brí do dhílseachta?

50 [89:51] Cuimhnigh, a Thiarna, ar an aithis a casadh le do sheirbhísigh;

agus mar a iompraím i mo bhrollach maslaí uile na gciníocha –

51 [89:52a] na maslaí lena maslaíonn do naimhde mé a Thiarna,

lena dtugann siad tarcaisne do chomharba do ungthaigh.

52 [89:52b] Moladh go deo leis an Tiarna;

Amen agus Amen!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn