Eaxodus
22 [21:37] Má ghoideann fear damh nó caora, agus é a mharú agus a dhíol, íocadh sé cúig dhamh ar dhamh agus ceithre chaora ar chaora.
2 [22:1] Má ghabhtar gadaí ag briseadh isteach, agus go mbuailtear buille marfach air, ní bheidh aon éiric fola ann dó; 3 [22:2] más tar éis bhreacadh an lae é, beidh éiric ann dó. Ach tá cúiteamh iomlán le déanamh, agus mura bhfuil aon mhaoin aige, ní foláir é a dhíol d’fhonn íoc as ar ghoid sé. 4 [22:3] Má fhaightear an t-ainmhí a goideadh ina bheatha aige, cibé acu damh nó asal nó caora é, íocadh sé faoi dhó.
5 [22:4] Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir.
6 [22:5] Nuair a leathann tine agus go gcuireann sí driseacha faoi bharr lasrach agus go ndónn sí stácaí arbhair nó an t-arbhar ina sheasamh, an té is cúis leis an tine, déanadh sé cúiteamh iomlán.
7 [22:6] Má thugann duine airgead nó maoin do dhaoine eile le taisceadh, agus go ngoidtear as a theach é, díoladh an gadaí as faoi dhó. 8 [22:7] Mura mbeirtear ar an ngadaí, caithfidh úinéir an tí mionn a thabhairt i láthair Dé nár leag sé lámh ar mhaoin a chomharsan.
9 [22:8] I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ‘seo é’, tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile.
10 [22:9] Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné, 11 [22:10] socróidh mionn dar an Tiarna eatarthu beirt, féachaint ar leag sé lámh ar chuid a chomharsan. Glacadh an t-úinéir a mbíonn fágtha, agus ní dhéanfaidh an duine eile cúiteamh. 12 [22:11] Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir. 13 [22:12] Má stollann ainmhithe allta é, tugadh sé an fuíoll leis mar fhianaise agus ní dhéanfaidh sé cúiteamh ar son an stollta.
14 [22:13] Má bhíonn ainmhí ar iasacht ag duine ó dhuine eile, agus go leontar é nó go bhfaigheann sé bás gan an t-úinéir i láthair, caithfidh an duine eile cúiteamh iomlán a dhéanamh. 15 [22:14] Má bhíonn an t-úinéir i láthair, ní dhéanfaidh sé cuiteamh; más ar íoc a bhí sé, ar son an íoca a tháinig sé.
16 [22:15] Má mheallann duine maighdean nach bhfuil pósta, agus luí léi, ní foláir dó a coibhche a íoc agus glacadh léi mar bhean. 17 [22:16] Má dhiúltaíonn a hathair glan í ligean leis, íocadh sé cothrom coibhche na maighdean.
18 [22:17] Ná fág a beo ag bandraoi.
19 [22:18] Aon duine a luífidh le hainmhí cuirtear chun báis é.
20 [22:19] Aon duine a dhéanfaidh íobairt d’aon dia eile ach an Tiarna, scriostar faoin mbang é.
21 [22:20] Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte. 22 [22:21] Ná ciap baintreach ná dílleachta. 23 [22:22] Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin. 24 [22:23] Adhnfaidh m’fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.
25 [22:24] Má thugann tú iasacht airgid d’aon bhochtán de mo phobal le d’ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh. 26 [22:25] Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine; 27 [22:26] óir sin a bhfuil aige d’éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé. 28 [22:27] Ná tabhair masla do Dhia ná mallacht do rialtóir ar do phobal.
29 [22:28] Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d’urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith. 30 [22:29] Déan mar an gcéanna le d’eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.
31 [22:30] Beidh sibh in bhur ndaoine coisricthe domsa; uime sin ná hithigí feoil a stollfaidh na hainmhithe allta san fhásach; caithigí chun na madraí í.