Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 12:1-28

Seanfhocail

12 An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas;

an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.

2 Bíonn gnaoi an Tiarna ar an duine cóir,

ach daorann sé fear na ndrochbheart.

3 Ní dhaingníonn an urchóid aon duine,

ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.

4 Coróin a fir bean mhaith,

ach is fochall ina chnámha bean gan náire.

5 Is ionraic iad smaointe an fhíréin;

ach is fealltach iad comhairlí na n-urchóideach.

6 Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh;

ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.

7 Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo;

ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.

8 Moltar duine ar fheabhas a chéille;

ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.

9 Is fearr fear gan ghradam [a dhéanann a ghnó féin],

ná fear le héirí in airde a bhíonn gan arán.

10 Tugann an fíréan aire dá chuid stoic,

ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.

11 Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún;

níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.

12 Scriostar túr daingean na n-urchóideach,

ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.

13 Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t-urchóideach sa ghaiste;

ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.

14 Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é;

filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.

15 I súile an amadáin is ceart é a chosán;

éisteann an t-eagnaí le dea-chomhairle.

16 Ní dhéanann an t-amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint;

ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d’achasán.

17 An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir;

níl san fhinné bréagach ach calaois.

18 Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra;

ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.

19 Maireann beola fírinneacha go brách;

ach is gairid é saol na teanga bréagaí.

20 Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc;

ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích.

21 Níl aon olc i ndán don fhíréan,

ach bíonn trioblóidí sa mhullach ar na hurchóidigh.

22 Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh;

ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.

23 Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach;

ach fógraíonn croí na n-amadán a mbaois.

24 Údarás is dual don láimh bhríomhar;

ach saothar éigeantach is dual don leisciúil.

25 Cuireann an imní ualach ar chroí an duine;

ach cuireann an dea-fhocal áthas air.

26 Tugann an fíréan cúl leis an urchóid;

ach treoraíonn cosán na n-urchóideach iadsan amú.

27 Ní bheidh aon ní don phota ag an bhfear díomhaoin;

ach beidh saibhreas luachmhar ag an bhfear dícheallach.

28 Lonnaíonn an bheatha ar chosán na córa;

ach treoraíonn slí na hearráide chun an bháis.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn