Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Cóheilit 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Cóheilit 12:1-14

Cóheilit

12 Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d’óige,

sula dtaga na drochlaethanta,

agus go ndruide blianta na seanaoise leat,

a ndéarfaidh tú fúthu: “Ní bhainim aon sásamh astu”;

2 sula ndorchaítear ar an ngrian agus ar sholas an lae,

ar an ngealach agus ar na réaltaí,

agus sula bhfille na néalta tar éis na fearthainne;

3 nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crith

agus na fir láidre cromtha síos;

nuair a stadann na meilteoirí mná den obair

de bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann;

nuair nach bhfeictear níos mó an bhantracht

a bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog;

4 nuair a dhúntar doirse na sráide

agus go dtéann glór an mhuilinn in isle brí;

nuair a bhíonn guth na héanlaithe [ina thost]

agus nach gcloistear na héin cheoil níos mo;

5 nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh arda

agus scanradh air siúl sa tsraid;

nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláth

agus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallach

agus caor na cupraisce gan éifeacht;

óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraí

agus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;

6 sula ngearrtar an corda airgid

agus go ndéantar smidiríní den bhabhla óir;

sula mbristear an crúiscín ag an tobar

agus go scaoiltear an roth ar an bhfuarán;

7 sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth

agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.

8 Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois.

9 I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal. 10 D’fhéach Cóheilit le briathra taitneamhacha a fháil agus an fhírinne a chur síos le barr cruinnis. 11 Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t-aon aoire amháin uaidh.

12 Lena chois sin, a mhic, seachain thú féin! Níl aon teorainn leis na leabhair a scríobhtar agus tuirsíonn mórán staidéir an cholainn. 13 Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine. 14 Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn