Íseáia
16 Cuirigí uain mar bhronntanas
chuig rialtóir na tíre,
ón gCarraig ar thaobh na díthreibhe
go sliabh iníon Shíón.
2 Ag cleitearnach anonn is anall
mar a bheadh nead scolamán tréigthe,
is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb
cois áthanna an Arnón.
3 “Tabhair comhairle dúinn,
tabhair breith ar ár gcas.
Sín amach do scáth mar bheadh coim na hoíche ann
i lár an lae ghil.
Cuir iad siúd atá scaipthe i bhfolach,
ná déan brath ar an teifeach.
4 Lig dóibh cur fúthu i do theach,
muintir scaipthe sin Mhóáb;
bí i do thearmainn acu
i gcoinne an chreachadóra.
Nuair a bheidh deireadh leis an ansmacht,
críoch leis an gcreachadóireacht,
agus lucht chosarbolg imithe as an tír,
5 is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas,
agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht,
i mboth Dháiví,
breitheamh ar mór leis an ceart
agus ar luath chuige cíocras na córach.”
6 Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb,
uabhar as miosúr,
uaillmhian agus borr agus bród,
mórtas tóin gan taca.
7 Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb.
Tá siad go léir ag caoineadh le chéile.
I ndiaidh cístí rísín Chír Harasait
tá siad ag mairgneach go cráite.
8 Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smola
agus fíniúin Shibmeá,
a mbeireadh a gcrobhaingí bua
ar thiarnaí na náisiún.
Shroiseadh siad fhad le Iazaer,
bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach;
bhí a gcraobhacha ag leathadh amach
thar farraige anonn.
9 Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer,
i ndiaidh fíniúin Shibmeá;
silfidh mé mo dheora oraibh go fras
a Heisbeon agus a Eileálae.
Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíona
chualathas gáir chatha;
10 tá an t-áthas agus an lúcháir
imithe as gort agus garraí.
Sna fíonghoirt níl ceol
ná liú áthais le cloisint;
níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí,
tá an húrla-hárla ina thost.
11 Dá bharr sin, ar son Mhóáb
tá mo chliabh mar chláirseach ar crith,
agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.
12 Saothar in aisce ag Móáb a theacht chun teampaill,
á thraochadh féin ag scrínte na n-ardán;
a dhul isteach ina shanctóir a ghuí,
níl gar ann dó.
13 Gurb é sin an focal a labhair an Tiarna i gcoinne Mhóáb fadó. 14 Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d’ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”