Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 7
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
An Bíobla Naofa
Íseáia 7:1-25

Íseáia

7 Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.

2 Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth. 3 Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire, 4 agus déarfaidh tú leis:

Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla;

ná bíodh do chroí anbhann,

de bharr an dá ghal soip úd,

5 as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá,

a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá:

6 Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur ann

agus chun a ghabháil dúinn féin,

agus déanfaimid rí ann

de mhac Thaibéal.’

7 Mar seo a deir an Tiarna Dia:

‘Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.

8 Is í an Damaisc ceann Arám,

agus Reizín, ceann na Damaisce;

Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta,

beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos.

9 is í an tSamáir ceann Eafráim,

agus mac Ramailiá ceann na Samáire.

Ach mura seasann sibhse liomsa,

níl seasamh i ndán daoibh.’”

10 Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt: 11 “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.” 12 D’fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.” 13 Ansin dúirt sé:

“Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví,

an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine

go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?

14 Is é an Tiarna féin mar sin

a thabharfaidh comhartha daoibh.

Seo, tá an ógbhean ag iompar

agus ar tí mac a shaolú,

agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.

15 Bleacht agus mil a chothóidh é

go dtí go mbeidh a fhios aige

diúltú don olc agus an mhaith a roghnú.

16 Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc

agus an mhaith a roghnú,

beidh an tír úd ina díthreabh,

agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.

17 Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal

agus ar theaghlach d’athar

laethe nár tháinig a leithéid

ón am a scar Eafráim le Iúdá

(rí na hAsaíre).

18 Sa lá sin, ligfidh an Tiarna fead ar na mioltóga

as bun abhann na hÉigipte,

agus ar na beacha ó thír na hAsaíre,

19 chun go dtiocfaidís go léir a thuirling

ar na haltáin chrochta agus ar scailpeacha na gcarraigeacha,

a sceacha agus ar thalamh féaraigh.

20 Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradh

le rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn

(rí na hAsaíre);

an ceann agus fionnadh an choirp,

go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé.

21 Sa lá sin, tógfaidh gach duine

aon bhó amháin agus dhá chaora,

22 agus de bharr flúirseacht an táil,

bia bleachta agus mil a chothóidh

a bhfuil fágtha sa tír.

23 Sa lá sin, gach áit a bhfuil míle fíniúin,

arbh fhiú míle píosa airgid iad,

ní bheidh ann ach driseacha agus sceacha.

24 Beidh gá le bogha agus le saigheada ag dul isteach ann,

óir driseacha agus sceacha a bheidh sa talamh ar fad.

25 Na sléibhte a romhraíodh le rámhainn,

ní rachaidh aon duine iontu níos mo,

le heagla roimh na driseacha agus na sceacha;

fearann eallaigh a bheidh ann, agus réimse do chaoirigh.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn