Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 7
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
An Bíobla Naofa
Irimia 7:1-34

Irimia

7 An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna, mar seo a ghabh sé: 2 “Téigh agus seas i ngeata Theampall an Tiarna agus fógair an teachtaireacht seo. Abair: Éistigí le briathar an Tiarna, a fheara uile Iúdá, a thagann isteach sna geataí seo chun an Tiarna a adhradh. 3 Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha agus fanfaidh mise libh san áit seo. 4 Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna! 5 Ach má leasaíonn sibh bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile, 6 gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin, 7 más ea, fanfaidh mise libh sa dúiche a thug mise anallód do bhur n-aithreacha go brách. 8 Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe. 9 An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh? 10 Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m’ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte—sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile! 11 An Teampall seo a ghairtear i m’ainmse, an bhfuil sé ina phrochóg ladrann dar libhse? Ach ní dall atá mise—is é an Tiarna a labhraíonn.

12 “Téigí anois don ionad liom a bhí i Sileo, áit ar shuigh mé m’ainm an chéad uair; féachaigí céard a rinne mé i ndíol olc mo phobail Iosrael. 13 Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile—an Tiarna a labhraíonn—agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh, 14 uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m’ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n-aithreacha, mar do rinne mé le Sileo. 15 Teilgfidh mé as mo radharc sibh, mar a theilg mé bhur ndeartháireacha uile, síol Eafráim ar fad.

16 “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat. 17 Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim? 18 Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile. 19 An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n-olc—an Tiarna a labhraíonn—nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin? 20 Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”

21 Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Cuirigí bhur n-ofrálacha loiscthe i gcionn bhur n-íobairtí agus ithigí an fheoil ar fad. 22 Óir níor labhair mise ná níor thug mise aon ordú dóibh i dtaobh ofrálacha ná íobairtí an t-am ar thug mé bhur n-aithreacha as talamh na hÉigipte. 23 Is mar seo a d’ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh. 24 Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl. 25 Ón lá a tháinig bhur n-aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe. 26 Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n-aithreacha. 27 Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú. 28 Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n-umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D’éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.

29 Gearr díot do thrilse, caith uait iad.

Tóg suas caoineadh ar na harda loma.

Óir tharcaisnigh an Tiarna, thréig sé, ál a fhuathaíonn sé.’

30 “Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom—an Tiarna a labhraíonn—chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m’ainmse, á thruailliú. 31 Thóg siad áit ard Thoifit i nGleann Bein Hionnom, do loscadh a gclann mhac agus a n-iníonacha sa tine; rud nár ordaigh mise riamh ná níor tháinig i mo chroí. 32 Mar sin tá na laethanta ag teacht—an Tiarna a labhraíonn—nach dtabharfar Toifit air níos mó ná Gleann Bein Hionnom, ach Gleann an Áir. Déanfar a n-adhlacah i dToifit, cheal spáis; 33 beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann. 34 Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn