Eizicéil
21 [21:6] Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2 [21:7] “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Iarúsailéim, cuir do mhallacht ar an sanctóir agus tairngir in aghaidh thír Iosrael. 3 [21:8] Abair le tír Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, nochtfaidh mé mo chlaíomh as a thruaill agus maróidh mé idir fhíréan agus chiontach. 4 [21:9] Tarraingeoidh mé mo chlaíomh as a thruaill leis an bhfíréan agus an ciontach a leagan, ón Neigib ó thuaidh. 5 [21:10] Tuigfidh gach duine gur mise, an Tiarna, a tharraing a chlaíomh as a thruaill; ní chuirfear ar ais ann arís é.’
6 [21:11] “Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd. 7 [21:12] Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche—an Tiarna Dia a labhraíonn.’”
8 [21:13] Tháinig briathar an Tiarna chugam: 9 [21:14] “A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia. Abair:
An claíomh! An claíomh!
Tá faobhar agus snas ar an gclaíomh.
10 [21:15] An faobhar don ár,
an snas don drithliú.
[21:15b] An cúis áthais é seo againn
gur dhíspeag sibh ríshlat mo mhic
amhail gach sórt crainn?
11 [21:16] Snasaítear é chun úsáide;
faobhraítear agus snasaítear é
lena chur i láimh an mharfóra.
12 [21:17] Lig uaill agus olagón asat, a mhic an duine.
Tá sé i ndán do mo phobal,
do phrionsaí uile Iosrael mar aon le mo phobal,
atá tugtha suas don chlaíomh.
Buail do cheathrú dá bhrí sin,
13 [21:18] óir ní céadiarracht ar bith é seo.
An bhfuil aon teorainn lena chumhacht
má dhíspeagann sibh an ríshlat?
—an Tiarna Dia a labhraíonn.
14 [21:19] A mhic an duine, tairngir agus buail bosa,
titeadh an claíomh faoi dhó nó faoi thrí,
claíomh seo na marbh,
claíomh an áir mhóir a chiorclaíonn iad.
15 [21:20] Ionas go mbeidh uamhan ina gcroí
agus go dtitfidh mórshlua,
tá claíomh ar tarraingt agam
ag an uile gheata;
é ag drithliú agus faobhar air don ár.
16 [21:21] Treascair leat ar dheis agus ar chlé,
faobhar ar aghaidh.
17 [21:22] Buailfidh mise bosa fosta;
ídeoidh mé mo fhearg.
Mise, an Tiarna, a labhair.”
18 [21:23] Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 19 [21:24] “A mhic an duine, socraigh dhá bhealach do theacht chlaíomh rí na Bablóine; bíodh an dá bhealach ag teacht ón tír chéanna. Tóg cuaille eolais ag ceann an bhealaigh chun na cathrach; 20 [21:25] socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim. 21 [21:26] Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna. 22 [21:27] Titeann an tuar do Iarúsailéim ina láimh dheas: ní mór dó focal spreagtha chun áir a thabhairt, gáir chatha a fhógairt, reithí cogaidh a dhíriú ar na geataí, mótaí cré agus ballaí léigir a thógáil. 23 [21:28] Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.
24 [21:29] “Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n-uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh. 25 [21:30] Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat, 26 [21:31] déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t-íseal agus ísleofar an t-ard. 27 [21:32] Ar lár, ar lár, ar lár a fhágfaidh mé í. Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.”
28 [21:33] “Tusa, a mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi na hAmónaigh agus faoina masla: Abair: An claíomh, tá an claíomh ar tarraingt don ár, tá snas air chun scriosta agus chun drithlithe mar thintreach— 29 [21:34] le linn d’fhíseanna baotha agus do chomhairle le fáistiní bréige—lena leagan ar mhuineál an lucht aindiaga urchóidigh a bhfuil lá a bpionóis báis buailte leo. 30 [21:35] Cuir ar ais sa truaill é. Daorfaidh mé thú san áit ar cruthaíodh thú, i do thír dhúchais féin. 31 [21:36] Silfidh mé mo dhíbheirg anuas ort, séidfidh mé tine mo chuthaigh i d’aghaidh, agus tabharfaidh mé suas thú i lámha lucht bhrúidiúil atá tugtha don scrios. 32 [21:37] Beidh tú mar chonnadh don tine, beidh d’fhuil ag rith ar fud na tíre, ní chuimhneofar ort níos mó. Óir mise, an Tiarna, a labhair.”