Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eizicéil 6
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Eizicéil 6:1-14

Eizicéil

6 Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne. 3 Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n-áiteanna arda. 4 Bánófar bhur n-altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n-íol. 5 Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n-íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n-altóirí. 6 Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n-áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n-altóirí bánta [millte], bhur n-íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n-oibreacha curtha ar ceal. 7 Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

8 “Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad. 9 Ansin cuimhneoidh siadsan a d’éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n-íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n-uafáis go léir. 10 Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t-olc seo orthu.”

11 Seo mar a deir an Tiarna Dia: “Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá. 12 An duine atá i gcéin, éagfaidh sé den phlá; an duine atá sa chongar, titfidh sé leis an gclaíomh; agus an duine a thagann slán uathusan, éagfaidh sé leis an ngorta; mar sin a ídeoidh mé mo chuthach orthu. 13 Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n-íol timpeall a n-altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n-íola uile. 14 Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn