Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Dainéil 6
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Dainéil 6:1-28

Dainéil

6 [6:2] Bheartaigh Dáire céad is fiche satrap a chur os cionn a ríochta, agus iad a bheith i bhfeighil ranna a ríochta uile, 2 [6:3] faoi cheannas triúr uachtarán—Dainéil ar dhuine acu—a dtabharfadh na satraip seo cuntas dóibh chun nach rachadh aon ní amú ar an rí. 3 [6:4] Chinn an Dainéil céanna ar na huachtaráin agus ar na satraip tríd an spiorad éachtach a bhí ann i dtreo gur bheartaigh an rí é a chur os cionn a ríochta uile. 4 [6:5] Ansin chrom na huachtaráin agus na satraip ar chúis stáit a lorg le cur i leith Dhainéil, ach níor éirigh leo cúis ná locht a aimsiú, bhí sé chomh dílis sin, ná ní bhfuarthas faillí ná dearmad le cur ina leith. 5 [6:6] Ansin dúirt an mhuintir seo: “Ní bhfaighimid cúis ar bith le cur i leith an Dainéil seo, mura bhfaighimid sin i gcúrsaí dlí a Dhé.” 6 [6:7] Ansin [bhrúcht] na huachtaráin agus na satraip seo isteach i láthair an rí agus labhair siad leis mar a leanas: “A rí Dáire, fad gach aon fhaid ar do shaol! 7 [6:8] Uachtaráin do ríochta, ceannairí, satraip, airí agus rialtóirí—táimidne uile d’aonaigne gur chóir don rí reacht a rith agus ordú mar a leanas a fhógairt: Cibé a iarrfaidh achainí ar bith ar aon Dia nó ar aon duine ach ortsa amháin ar feadh tríocha lá, é a theilgean isteach in uaimh na leon. 8 [6:9] Anois, a rí, tabhair feidhm dlí don ordú agus sínigh an chairt i dtreo nach féidir athrú a dhul air de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.” 9 [6:10] Uime sin shínigh an rí Dáire an chairt agus an reacht.

10 [6:11] Nuair a thuig Dainéil gur síníodh an chairt, chuaigh sé chun a thí mar a raibh fuinneoga aige ina sheomra uachtarach oscailte i dtreo Iarúsailéim; trí huaire sa lá théadh sé ar a ghlúine ag guí Dé agus á mholadh, mar ba ghnáth leis roimhe sin. 11 [6:12] Ansin [bhrúcht] an mhuintir seo chuige agus fuair siad Dainéil ag guí is ag achainí i láthair a Dhé. 12 [6:13] Ansin tháinig siad isteach i láthair an rí i dtaobh an reachta agus dúirt siad leis: “A rí, nár shínigh tú reacht, cibé a dhéanfadh achainí chun dé nó duine ach chugatsa amháin, a rí, ar feadh tríocha lá, go dteilgfí é in uaimh na leon.” D’fhreagair an rí: “Tá an scéal socair de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.” 13 [6:14] Ansin dúirt siad leis an rí: “An Dainéil úd, duine de na díbearthaigh ó Iúdá, níl aird aige ortsa, a rí, ná ar an reacht atá sínithe agat; trí huaire sa lá a dhéanann sé a achainí.” 14 [6:15] Ar chloisteáil na mbriathra sin don rí, tháinig suaitheadh air agus bheartaigh sé Dainéil a shaoradh. Go fuineadh néil nóna rinne sé a dhícheall é a shaoradh. 15 [6:16] Ansin tháinig an mhuintir seo [ina slua] chun an rí agus dúirt siad: “Bíodh a fhios agat, a rí, de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir aon reacht ná órdú a dhéanann an rí a chur ar ceal.”

16 [6:17] Ansin d’ordaigh an rí Dainéil a thabhairt i láthair agus é a chaitheamh san uaimh chun na leon. Dúirt an rí le Dainéil: “Do Dhia, a bhfuil seirbhís dhílis tugtha agat dó, fuasclaíodh sé thú.” 17 [6:18] Tugadh cloch agus leagadh ar bhéal na huaimhe í agus chuir an rí a shéala féin agus séala a mhaithe uirthi ionas nach rachadh athrú ar aon ní a bhain le cúis Dhainéil. 18 [6:19] D’fhill an rí ar a phálás ansin agus chaith an oíche ina throscadh, gan [luí le leannán]. Thréig a chodladh é. 19 [6:20] Ansin le breacadh an lae d’éirigh an rí agus bhrostaigh leis go huaimh na leon. 20 [6:21] Láimh leis an uaimh ghlaoigh sé go truacánta ar Dhainéil á rá: “A Dhainéil, a shearbhónta Dé bheo, an Dia seo dá bhfónann tú go dílis, arbh fhéidir leis tú a fhuascailt ó na leoin?” 21 [6:22] D’fhreagair Dainéil an rí: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol! 22 [6:23] Tá a aingeal curtha ag Dia chugam; tá clab na leon dúnta aige, agus níl aon dochar déanta acu dom mar go bhfuarthas gan chion mé ina láthair. Agus táim gan choir leis i do láthairse, a rí.” 23 [6:24] Tháinig lúcháir mhór ar an rí agus d’ordaigh sé Dainéil a thógáil as an uaimh. Tógadh Dainéil uime sin aníos as an uaimh agus fuarthas é slán folláin mar go raibh a mhuinín aige as a Dhia. 24 [6:25] Ar ordú an rí, tugadh an mhuintir sin a rinne casaoid in aghaidh Dhainéil i láthair agus teilgeadh iad in uaimh na leon, iad féin, a mná agus a gclann; agus sula raibh íochtar na huaimhe sroichte acu bhí siad treascartha ag na leoin agus a gcnámha go léir smiota acu.

25 [6:26] Agus scríobh an rí, Dáire, chuig an uile phobal, chine agus theanga a áitríonn san uile aird den chruinne: “Síocháin daoibh ina tuile! 26 [6:27] Seo é an reacht atá agam á achtú: i m’impireacht agus i mo fhlaitheas rí go hiomlán go raibh an uile dhuine ar crith le heagla roimh Dhia Dhainéil,

mar is é is Dia beo a mhaireann go deo;

ní bheidh díthiú ar a fhlaitheas

ná críoch ar a thiarnas.

27 [6:28] Eisean a fhuasclaíonn agus a fhóireann,

a dhéanann comharthaí agus míorúiltí

ar neamh agus ar talamh;

shaor sé Dainéil ó chumhacht na leon.”

28 [6:29] Chuaigh an Dainéil céanna sin chun cinn i réimeas Dháire agus Chíorais, an Peirseach.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn