Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Hóisé 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
An Bíobla Naofa
Hóisé 1:1-11

Hóisé

HÓISÉ

1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael.

2 Tosach na mbriathra a labhair an Tiarna trí Hóisé: Dúirt an Tiarna le Hóisé: “Imigh leat, gabh chugat striapach mná agus bíodh clann striapaí agat, mar níl teorainn leis an striapachas a dhéanann an tír ó d’iompaigh sí ón Tiarna.” 3 D’imigh sé leis mar sin agus phós Goimir, iníon Dhiobláím, agus ghabh sise gin agus rug mac dó. 4 “Tabhair Izréil mar ainm air,” arsa an Tiarna leis ansin, “mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael. 5 Is i nGleann Izréil a bhrisfidh mé cumhacht Iosrael an lá sin.”

6 Gabh sí gin arís agus rug iníon. “Tabhair Neamh-Mhuirneach mar ainm uirthi,” ar seisean leis, “mar ní díol trócaire liom teaghlach Iosrael a thuilleadh; ní hea, is amhlaidh a bheidh dearg-ghráin agam orthu feasta. 7 (Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”

8 Nuair a bhí Neamh-Mhuirneach bainte den chíoch aici, ghabh sí gin arís agus rug mac. 9 “Tabhair Coimhthíoch mar ainm air,” ar seisean ansin, “mar ní sibhse mo phobal, agus i dtaca libhse de, níl mise ann chor ar bith.”

10 [2:1] [Ní lia gaineamh na mara nach féidir a thomhas ná a chomhaireamh ná an chlann a bheidh fós ag Iosrael. Mar san áit ar gairmeadh Coimhthíoch díobh, glaofar orthu clann mhac Dé bheo.

11 [2:2] Baileofar clann Iúdá agus clann Iosrael le chéile

agus ceapfaidh siad aon cheann urra amháin dóibh féin

agus tiocfaidh siad i seilbh na tíre arís,

óir is lá mór a bheidh ann lá Izréil.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn