Hóisé
10 Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael;
Ach dá líonmhaire a thorthaí,
b’amhlaidh ba líonmhaire a altóirí;
agus dá shaibhre a chuid talún,
b’amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.
2 Croí dúbailte atá acu,
ach tá siad ar tí a smachtaithe anois.
Brisfidh an Tiarna a n-altóirí,
agus scriosfaidh sé a liagáin.
3 Go deimhin déarfaidh siad ansin:
“Níl aon rí againn
(mar ní eagal linn an Tiarna).”
Ach cad d’fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son?
4 Focail ar mhuin focal! mionnaí éithigh! conarthaí!
agus is cuma riaradh an chirt acu nó an luifearnach nimhe
a bhíonn ag borradh i gclaiseanna na ngort!
5 Tá eagla a n-anama ar mhuintir na Samáire
mar gheall ar lao Bhéit Ávan.
Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi,
agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall,
mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.
6 Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte,
mar cháin [don Ardrí].
Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael,
de dheasca na drochchomhairle a lean sé.
7 Díothófar an tSamáir agus a rí,
agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne.
8 Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha,
mar a bpeacaíonn Iosrael,
agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n-altóirí.
Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”,
agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”
9 Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca;
níor éirigh siad as riamh!
Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?
10 Tiocfaidh mé i gcoinne na gcladhairí
chun iad a smachtú.
Cruinneoidh mé na náisiúin ina n-aghaidh
chun cimí a dhéanamh díobh
in éiric an dá choir a rinne siad.
11 Budóg dhea-riata ba ea Eafráim,
ar bhreá léi bheith ag bualadh arbhair;
mise a chuir cuing ar a muineál álainn.
Is ea, ghléas mé Eafráim chun treafa,
agus Iacób chun fuirste.
12 Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin;
bainigí fómhar an bhuanghrá;
brisigí bhur bhfearann branair,
óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg
nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.
13 Shaothraigh sibh an t-olc;
ba í an chlaidhreacht bhur bhfómhar,
agus d’ith sibh toradh an éithigh.
Ó tá muinín agat as do chumhacht féin
agus as oll-líon do laochra,
14 éireoidh gleo an chogaidh i measc do mhuintire,
agus scriosfar do dhúnta uile,
mar a scrios Sealman Béit Arabael lá an chatha,
nuair a rinneadh smidiríní den mháthair agus dá clann.
15 Tarraingeoidh Béit Éil an íde chéanna oraibhse,
in éiric bhur mioscaise gan teorainn.
Le lonradh lae léirscriosfar rí Iosrael.