Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Léivític 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
An Bíobla Naofa
Léivític 12:1-8

Léivític

12 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2 “Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa. 3 Ar an ochtú lá déantar timpeallghearradh ar a fhorchraiceann, 4 agus caithfidh sí fanacht trí lá dhéag agus fiche eile i bhfuil a híonghlanta; ná baineadh sí le haon ní naofa, agus ná tagadh isteach sa sanctóir go dtí go mbíonn laethanta a glanta comhlíonta. 5 Más iníon a bheireann sí, bíodh sí neamhghlan ar feadh coicíse, mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa; caithfidh sí fanacht sé lá agus trí fichid eile i bhfuil a híonghlanta.

6 Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d’iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca. 7 Déanadh an sagart an ofráil seo i láthair an Tiarna, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh di, agus ansin beidh sí glan óna fuiliú. Sin é an dlí don bhean a bheireann mac nó iníon. 8 Má bhíonn uan thar a hacmhainn, tógadh sí péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann don íobairt uileloiscthe, an ceann eile don íobairt pheaca; déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di agus beidh sí glan.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn