Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Amós 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
An Bíobla Naofa
Amós 1:1-15

Amós

AMÓS

1 Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún. 2 Agus dúirt sé:

Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón,

ag labhairt os ard ó Iarúsailéim.

Tá féarach na n-aoirí ruadhóite,

agus mullach Chairmeil ag feo.

3 Mar seo a deir an Tiarna:

In éiric thrí pheaca na Damaisce,

in éiric a ceithre pheaca,

ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.

De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,

4 teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil,

a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad;

5 brisfidh mé barraí gheata na Damaisce

agus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivin

agus rialtóir Bhéit Eidin;

agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír,

a deir an Tiarna.

6 Mar seo a deir an Tiarna:

In éiric thrí pheaca Ghazá,

In éiric a cheithre pheaca,

ní rachaidh mé siar ar an bpionós.

De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán

mar bhránna go hEadóm,

7 teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazá

a dhófaidh a páláis;

8 díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod

agus rialtóir Aiscileon;

agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón

agus bascfar an Filistíneach deireanach,

a deir an Tiarna Dia.

9 Mar seo a deir an Tiarna:

In éiric thrí pheaca na Tuíre,

in éiric a ceithre pheaca,

ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.

De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán

mar bhránna go hEadóm

agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,

10 teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuíre

a dhófaidh go talamh a páláis.

11 Mar seo a deir an Tiarna:

In éiric thrí pheaca Eadóm,

in éiric a cheithre pheaca,

ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.

De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh

agus gur rad uaidh gach uile thrua,

go mbíodh sé i gcónaí confach

agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,

12 teilgfidh mé tine síos ar Théamán

a dhófaidh go talamh páláis Bhozrá.

13 Mar seo a deir an Tiarna:

In éiric thrí pheaca chlann Amón,

in éiric a gceithre pheaca,

ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.

De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád

a bhí ag iompar clainne

ionas go leathnóidís a gcríocha féin,

14 lasfaidh mé tine i mballa Rabá

agus dófaidh sí a páláis

le gáir lá an chatha,

le stoirm lá na doininne;

15 agus rachaidh a rí ar deoraíocht,

é féin agus a phrionsaí leis,

a deir an Tiarna.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn