Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Míocá 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Míocá 2:1-13

Míocá

2 Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide

agus ag beartú oilc ar a leaba.

Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad

mar is acmhainn dóibh é.

2 Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad;

cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu;

déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach;

creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.

3 Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo:

Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilc

nach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh;

ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feasta

a dhonacht is a bheidh an uain.

4 An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo:

“Táimid scriosta go hiomlán;

tá fearann mo phobail á thomhas le dorú

agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo;

tá ár gcuid talún á roinnt amach.”

5 Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibh

chun dorú a leagan daoibh

ar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna.

6 “Ná déanaigíse praeitseáil”—sin é a bpraeitseáil siúd—

“Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo;

ní thógfar an náire chun siúil go deo.”

7 An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib?

An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna?

An é sin an rud is nós leis a dhéanamh?

Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé

lena phobal féin Iosrael?

8 Mar sin féin, ní sibhse mo phobal;

éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde;

baineann sibh a fhallaing den duine síochánta

agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.

9 Díbríonn sibh bantracht mo phobail

amach as a dtithe breátha

agus baineann sibh dá leanaí

an gradam a bhronn mise orthu.

10 “Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo].

Ní ionad sosa daoibhse é seo!”

Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu

ar rudaí suaracha.

11 Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag

agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí”

—sin é an sort duine a bheadh ina fháidh

ag na daoine seo.

12 Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir;

baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile;

déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobh

mar chaoirigh i loc

nó mar thréad ar féarach

sa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo.

13 Ag gluaiseacht rompu amach

beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh.

Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd.

Gabhfaidh an rí rompu;

is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn