Zafainiá
2 Cruinnígí le chéile, is ea, cruinnígí le chéile,
a chine gan náire,
2 sula dtiomáintear chun siúil sibh mar an gcáith,
sula dtaga fearg fhíochmhar an Tiarna oraibh,
sula mbeire lá dhíbheirg an Tiarna oraibh.
3 Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile,
a dhaoine uirísle na tíre,
a chomhlíonann a reacht.
Lorgaigí an fhíréantacht,
lorgaigí an uirísle;
b’fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean
ar lá dhíbheirg an Tiarna.
4 Is ea, tréigfear Gazá,
agus beidh Aiscileon ina díthreabh.
Díbreofar muintir Aisdeod i lár an lae ghil
agus bainfear Eacrón as a fréamhacha.
5 Mairg daoibh,
a áitritheoirí chósta na farraige,
a chine na gCréiteach.
(Tá briathar an Tiarna in bhur n-aghaidh.)
Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach!
Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfar
aon áitritheoir ar bith ionat.
6 Déanfar bánta díot,
talamh féaraigh aoirí, agus cróite caorach.
7 Agus beidh cósta na farraige
ag fuílleach theaghlach Iúdá;
san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach;
rachaidh siad chun suain um thráthnóna
i dtithe Aiscileon,
Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh
agus rathóidh sé iad arís.
8 “Chuala mé madaí Mhóáb
agus cáineadh chlann Amón
a thug aithis do mo phobal
agus a rinne maíomh in aghaidh mo thíre féin,
9 Ar an ábhar sin,”
a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael,
“dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom
agus clann Amón mar Ghomorá—
dúiche lán neantóg, carn salainn,
díthreabh go deo.
Creachfaidh fuílleach mo phobail iad
agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”
10 A chonách sin orthu de dheasca a n-uabhair!
Mar thug siad aithis do phobal Thiarna na Slua,
agus rinne siad maíomh ina aghaidh.
11 Cuirfidh an Tiarna scanradh a n-anama orthu;
mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhní
agus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe,
gach ceann acu ina áit féin.
12 Agus fiú amháin sibhse, a Chúisíteacha,
pollfar sibh le mo chlaíomh.
13 Sínfidh sé a lámh amach in aghaidh an tuaiscirt
agus scriosfaidh sé an Asaír
agus déanfaidh sé díthreabh de Nínivé
nó go mbeidh sí chomh tirim le fásach.
14 Agus luífidh síos ina lár
tréada de gach saghas ainmhithe;
agus fiú amháin an cág agus an t-ulchabhán,
déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche.
Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog
agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach.
Óir, tá an obair chéadrais millte.
15 An í seo an chathair lúcháireach
a mhaireadh go slán sábháilte
agus a deireadh ina croí istigh:
“Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”?
Cad é mar a rinneadh fothrach di
agus brocach beithíoch!
Gach uile dhuine a ghabhann thairsti
déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.