Zacairia
10 Iarraigí fearthainn ar an Tiarna
i séasúr fhearthainn an earraigh;
óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne.
Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh
agus cuirfidh sé féar ag fás
i bpáirc an uile dhuine.
2 Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh,
agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa;
bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise
agus ag tabhairt sóláis bhréige.
Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach
agus iad á gcrá cheal aoire.
3 Tá mo chuid feirge ar lasadh
in aghaidh na n-aoirí
agus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe.
Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairt
ar a thréad, ar theaghlach Iúdá,
agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de.
4 Is uaidh a thiocfaidh
an chloch chúinne agus an pionna botha,
an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.
5 I dteannta a chéile beidh siad mar laochra
a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath.
Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo,
agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill,
cuirfear raon maidhme orthu.
6 Neartóidh mé teaghlach Iúdá
agus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef.
Seolfaidh mé ar ais arís iad,
mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh,
agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad;
óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí.
7 Beidh muintir Eafráim ina ngaiscígh,
agus cuirfear áthas ar a gcroí faoi mar a bheidís ag ól fíona.
Feicfidh a gclann mhac é seo
agus beidh lúcháir orthu mar gheall air
agus déanfáidh a gcroíthe gairdeas sa Tiarna.
8 Ligfidh mé fead orthu
agus cruinneoidh mé iad le chéile;
óir, táim tar éis iad a fhuascailt.
Agus beidh siad chomh líonmhar
agus a bhí siad riamh.
9 Cuirfidh mé mar shíol iad i measc na náisiún;
ach cuimhneoidh siad orm
i dtíortha atá i bhfad i gcéin.
Tógfaidh siad a gclann iontu
agus fillfidh siadsan ar ais.
10 Tabharfaidh mé abhaile ón Éigipt iad
agus cruinneoidh mé iad ón Asaír.
Seolfaidh mé isteach i nGileád agus sa Liobáin iad,
agus fiú amháin ansin ní bhfaighfear slí go leor dóibh.
11 Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipte
agus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibh
agus rachaidh an Níl ar fad i ndísc.
Buailfear an t-uabhar as an Asaír
agus tógfar an ríshlat ón Éigipt.
12 Neartóidh mé sa Tiarna iad
agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm,
a deir an Tiarna.