Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Zacairia 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Zacairia 2:1-13

Zacairia

2 [2:5] D’ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam. 2 [2:6] “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.” 3 [2:7] Ansin d’fhan an t-aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige 4 [2:8] agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti. 5 [2:9] ‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’”

6 [2:10] Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh,

a deir an Tiarna,

óir táim tar éis sibhse a scaipeadh

faoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna.

7 [2:11] Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin,

tusa a chonaíonn sa Bhablóin;

8 [2:12] Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua,

an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil,

i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh:

—óir aon duine a bhaineann libhse,

baineann sé le himreasc a shúile—

9 [2:13] Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n-aghaidh,

agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu.

Beidh a fhios agaibhse ansin

gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.

10 [2:14] Abair amhrán agus déan gairdeas,

a iníon Shíón;

óir, féach, táimse ag teacht

chun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna.

11 [2:15] Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin;

beidh siad ina bpobal aige,

agus cónóidh sé in bhur measc,

agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Slua

a chuir chugat mé.

12 [2:16] Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá,

mar a chomhroinn féin sa talamh naofa,

agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair.

13 [2:17] Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna;

óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn