Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Uimhreacha 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
An Bíobla Naofa
Uimhreacha 2:1-34

Uimhreacha

2 Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: 2 “Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach. 3 Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb, 4 agus seachtó ceathair míle sé chéad fear ar a ríomh, faoina cheannas. 5 Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár, 6 agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 7 Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon, 8 agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas. 9 Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa.

10 “Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr, 11 agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 12 Le campáil taobh leis: treibh Shímeon. Mar cheann ar chlann Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiriseadái, 13 agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 14 Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael, 15 agus daichead cúig mhíle sé chéad agus caoga fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 16 Is é líon tionóil iomlán champa Reúbaen ar a ríomh, céad agus caoga haon mhíle ceithre chéad agus a caoga. Siad atá le bheith sa dara háit ag scor campa.

17 “Ansin gluaiseadh Both na Teagmhála agus campa na Léivíteach i lár na gcampaí eile. Bíodh eagar a ngluaiste ar aon dul le heagar a gcampála, gach duine in ord faoina bhrat féin.

18 “Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud, 19 agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas. 20 Le campáil taobh leis: treibh Mhanaise. Mar cheann ar chlann Mhanaise: Gamailíéil mac Phadázúr, 21 agus tríocha dó míle dhá chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 22 Treibh Bhiniáimin. Mar cheann ar chlann Bhiniáimin: Aibíodan mac Ghideoiní, 23 agus tríocha cúig mhíle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 24 Is é líon tionóil iomlán Eafráim, ar a ríomh, céad agus a hocht míle agus céad. Siad atá le bheith sa tríú háit ag scor campa.

25 “Ar an taobh thuaidh: bratach champa Dhán faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Dhán: Aichíeizir mac Aimíseadái, 26 agus seasca dó míle seacht gcéad fear ar a ríomh, faoina cheannas. 27 Lé campáil taobh leis: treibh Áiséar. Mar cheann ar threibh Áiséar: Paigiéil mac Ocrán, 28 agus daichead a haon mhíle fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 29 Ansin treibh Naftáilí: mar cheann ar chlann Naftáilí: Aichíora mac Aenán, 30 agus caoga trí mhíle ceithre chéad fear faoina cheannas. 31 Is é líon tionóil iomlán champa Dhán, ar a ríomh, céad caoga seacht míle sé chéad. Siad a bheidh ar deireadh ag scor campa, brat ar bhrat.”

32 Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear. 33 Ach níor áiríodh na Léivítigh i measc chlann Iosrael de réir mar a d’ordaigh an Tiarna do Mhaois.

34 Rinne clann Iosrael de réir mar a d’ordaigh an Tiarna do Mhaois; sin mar a shuíodar a gcampa, faoi eagar a mbrat. Sin mar scoireadar campa, gach duine lena mhuintir féin de réir fine.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn