Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Deotranaimí 14
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
An Bíobla Naofa
Deotranaimí 14:1-29

Deotranaimí

14 “Sibhse clann an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí sibh féin a chiorrú ná bhur n-éadan a lomadh ar aon slí ar son an mhairbh. 2 Óir is pobal coisricthe don Tiarna do Dhia thú agus thogh an Tiarna thú le bheith i do phobal aige féin thar a bhfuil de phobail ar chlár na cruinne.

3 “Ná hith aon ní gráiniúil. 4 Seo iad na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe: an damh, an chaora, agus an gabhar; 5 an fia, an ghasail, an fia fionn, an t-ibeach, an t-antalóp, an damh allta agus an chaora faille. 6 Is ceadmhach daoibh aon ainmhí a scoilteann an chrúb go ladhrach agus a chognaíonn an chíor a ithe. 7 Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh. 8 Mar an gcéanna leis an muc—fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach. 9 Dá bhfuil beo san fharraige is ceadmhach daoibh iad seo a ithe: gach a bhfuil eití agus gainní acu, ithigí iad; 10 ach aon ní gan eití gan ghainní ní ceadmhach daoibh iad a ithe: bídís neamhghlan agaibh.

11 “Is ceadmhach daoibh gach éan glan a ithe, 12 ach seo iad na héin nach ceadmhach daoibh a ithe: an t-iolar, an bhadhbh, an coirneach, 13 an t-alpaire, gach sórt clamháin, 14 gach sórt féich, 15 an ostrais, an t-ulchabhán, an faoileán, gach sórt seabhaic, 16 an ceann cait, an t-ulchabhán mór, an chearc uisce, 17 an peileacán, an t-iolar bán, an fiach farraige, 18 an chorr agus gach sórt corr éisc, an pilibín agus gach sórt sciatháin leathair. 19 Gach míoltóg eiteallach, bídís neamhghlan agaibh; ná hithigí iad. 20 Is ceadmhach daoibh gach eiteallach glan a ithe.

21 “Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar.

22 “Gach bliain ní foláir duit deachú de thoradh do shíl sa talamh a bhreith leat, 23 agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d’arbhair, do fhíona, d’ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d’fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor. 24 Má bhíonn an t-aistear rófhada duit, agus mura féidir duit—nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú—do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile, 25 ansin malartaigh an deachú ar airgead, agus beir greim docht i do láimh ar an airgead agus téigh chun na háite a thogh an Tiarna do Dhia; 26 caith an t-airgead ar do rogha rud ansiúd—daimh, nó caoirigh, nó fíon nó deoch chrua, nó cibé ní is mian leat; ith ansiúd i láthair an Tiarna do Dhia, agus bíodh lúcháir ort féin agus ar do theaghlach. 27 Ná déan faillí ar an Léivíteach a bhfuil cónaí air i do bhailte, óir níl cuid ná oidhreacht aige leat.

28 “Ag deireadh gach tríú bliain, tóg deachúna uile d’fhómhair don bhliain sin agus cuir i dtaisce i do bhailte. 29 Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn