Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Deotranaimí 17
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Deotranaimí 17:1-20

Deotranaimí

17 “Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid. 2 Má bhíonn aon duine, fear nó bean, in bhur measc in aon cheann de na bailte atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, a dhéanann coir is fuath leis an Tiarna do Dhia agus a bhriseann a chonradh, 3 agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh—nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé, 4 agus go bhfaigheann tú faisnéis air, ansin déan an scéal a fhiosrú go beacht; más fíor é go dearfa go ndearnadh a leithéid de rud gráiniúil in Iosrael, 5 tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha. 6 Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin. 7 Lámh na bhfinnéithe is túisce a ardófar ina choinne á chur chun báis; ansin lámh an phobail uile. Díbir an t-olc seo ó bhur lár ar an gcuma sin.

8 “Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, 9 agus dul chun na sagart Léivíteach agus chun an bhreithimh a bhíonn in oifig; téigh i gcomhairle leo agus tabharfaidh siad a mbreith duit. 10 Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit. 11 Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit. 12 Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t-olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin. 13 Cluinfidh an pobal go léir ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad a leithéid de dhánaíocht arís.

14 “Nuair a théann tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, agus go ngabhann tú seilbh air agus cónaí ann, agus ansin go ndeir tú, ‘Ní mór dom rí a cheapadh os mo chionn dála na gciníocha i mo thimpeall,’ 15 ní foláir duit rogha an Tiarna do Dhia de rí a cheapadh os do chionn; ní foláir duine ar do bhráithre a cheapadh os do chionn mar rí; eachtrannach nach bráthair leat ní ceadmhach duit a cheapadh os do chionn. 16 Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d’fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: ‘Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.’ 17 Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin. 18 Nuair a bheidh sé ina shuí sa chathaoir ríoga, déanadh sé cóip den dlí seo—as leabhar faoi chúram na sagart Léivíteach—a scríobh dó féin i leabhar; 19 bíodh sé láimh leis i gcónaí, agus léadh sé é gach lá dá shaol, d’fhonn go bhfoghlaimeodh sé eagla an Tiarna a Dhia ag coimeád briathra uile an dlí seo agus na reachtanna seo agus á gcomhlíonadh. 20 Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn