Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iósua 18
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Iósua 18:1-28

Iósua

18 Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir. 2 Bhí seacht dtreibheanna fós ar chlann Iosrael a bhí gan oidhreacht a fháil. 3 Ansin dúirt Iósua le clann Iosrael: “An fada eile an t-am a chuirfidh sibh amú agus gan dul isteach agus seilbh a thógáil ar an bhfearann a thug an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, daoibh? 4 Toghaigí triúr as gach treibh, agus déanfaidh mé iad a sheoladh síos agus suas faoin tír d’fhonn go scríobhfaidís tuairisc air le haghaidh é a roinnt agus filleadh orm. 5 Ní foláir daoibh an talamh a roinnt ina seacht ranna agus Iúdá ag fanacht ina dhúiche féin theas agus teaghlach Iósaef ina dhúiche féin thuaidh. 6 Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia. 7 Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n-oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”

8 Chuir na fir chun bealaigh. Dúirt Iósua leo siúd a bhí le tuairisc a scríobh ar an tír: “Déanaigí an tír a iniúchadh ó cheann ceann agus tuairisc a scríobh air, agus filligí ansin orm. Cuirfidh mé ar cranna daoibh é anseo i láthair an Tiarna i Sileo.” 9 Rinne na fir an tír a iniúchadh ó cheann ceann, agus scríobhadar tuairisc air, baile ar bhaile, i seacht ranna, agus d’fhilleadar ar Iósua sa champa i Sileo. 10 Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.

11 Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo. 12 Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan. 13 Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz—Béitéil anois—ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach. 14 Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar. 15 Ar an taobh theas ghabh an teorainn ó imeall Chiriat Iáraím i dtreo [Ghaisin], agus go foinsí Uiscí Neaftóach. 16 Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael. 17 Chas sé ó thuaidh ansin agus ar aghaidh go hÉan Seimis agus as sin go dtí na clocháin chruinne sall ó Ard Adumaím. 18 Ar aghaidh léi ansin go Ceitif os comhair an Arabá, agus síos go dtí an tArabá agus go Lia Bhohan mac Reúbaen. 19 Ghabh sí as sin ó thuaidh thar ghualainn Bhéit Hoglá. Stad an teorainn ag bá thuaidh Mhuir an tSalainn, ag bun na Iordáine theas. Sin í an teorainn theas. 20 An Iordáin féin an teorainn thoir. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin, agus na teorainneacha a chinntigh í mórthimpeall, ceann ar cheann.

21 Seo iad cathracha threibh chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní: Ireachó, Béit Hoglá, Éimic Cizíz, 22 Béit Arabá, Zamáraím, Béitéil, 23 Áivím, Párá, Ofrá, 24 Cafar Ámónaí, Oifní, Geaba—dhá chathair déag lena sráidbhailte; 25 Gibeón, Rámá, Beaerót, 26 Mizpe, Cifíreá, Mozá, 27 Reicim, Irpéil, Taralá, 28 Zaelá, Haeilif, Iarúsailéim, Gibea, Ciriat Iáraím—ceithre cathracha déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn