Uimhreacha
23 Dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n-altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.” 2 Rinne Bálác mar a d’iarr Balám agus d’ofráil Bálác agus Balám tarbh agus reithe ar gach altóir. 3 Dúirt Balám ansin le Bálác: “Seas láimh le d’íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b’fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.” Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.
4 Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus dúirt Balám leis: “Dheasaigh mé na seacht n-altóirí agus d’ofráil mé tarbh agus reithe ar gach altóir díobh ina n-íobairt loiscthe.” 5 Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.” 6 Chuaigh Balám ar ais chuige agus b’shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. 7 Ansin reac sé a laoi agus dúirt:
“Thug Bálác leis mé ó Arám,
rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir.
‘Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom,
agus déan aoir ar Iosrael.’
8 Conas is féidir dom mallacht a chur ar an té nár chuir Dia mallacht air?
Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an té nach ndearna Dia aoir air?
9 Feicim é ó bharr na sléibhte,
agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é:
Pobal ag maireachtáil leo féin,
nach n-áiríonn iad féin ar na ciníocha.
10 Cé d’fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh?
Cé d’fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh?
Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa!
Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.”
11 Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!” 12 D’fhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?” 13 Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.” 14 Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n-altóirí ansiúd agus d’ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir. 15 Duirt Balám le Bálác: “Seas taobh le d’íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.” 16 Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.” 17 Chuaigh Balám ar ais chuige agus b’shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: “Cad dúirt an Tiarna?” 18 Ansin reac Balám a laoi agus dúirt:
“Éirigh, a Bhálác, agus éist!
Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.
19 Ní duine é Dia go n-inseodh sé bréag,
ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne.
An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh,
a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?
20 Seo mise le hordú orm beannacht a thabhairt;
beannacht a thabharfaidh [mé] agus ní dhéanfaidh mé a chur ar ceal.
21 Ní fhaca mé urchóid in Iacób.
Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael.
Tá an Tiarna a nDia faru,
22 Tugann Dia as an Éigipt amach iad;
is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.
23 Níl briocht in Iacób;
ná tuar asarlaíochta in Iosrael.
Fág go ndeir daoine le Iacób,
agus go ndeir siad le hIosrael: ‘Cén t-iontas a rinne Dia?’
24 seo pobal, amhail banleon ag éirí,
ar tinneall mar leon ar tí léim,
agus nach luíonn go n-alpann a chreach,
agus go slogann fuil ar mharaigh sé.”
25 Dúirt Bálác le Balám: “Ná cuir mallacht orthu, más sea, ach ná cuir beannacht ach chomh beag.” 26 D’fhreagair Balám Bálác: “Ná dúirt mé leat, cibé rud a deir an Tiarna, go gcaithfidh mé rud a dhéanamh air?” 27 “Téanam más ea,” arsa Bálác le Balám, “béarfaidh mé go láthair eile thú. B’fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.” 28 Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh. 29 Ansin dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n-altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.” 30 Rinne Bálác mar a d’iarr Balám agus d’ofráil tarbh agus reithe ar gach altóir.