Uimhreacha
24 Nuair a chonaic Balám gur thoil leis an Tiarna beannacht a chur ar Iosrael, níor imigh sé, faoi mar a rinne roimhe sin, ar thóir tuartha, ach thug a aghaidh ar an bhfásach. 2 D’ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air 3 agus chan sé a laoi, agus dúirt:
“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,
céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
4 céalmhaine an té a chluineann briathar Dé.
Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;
faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
5 Nach álainn iad do bhothanna, a Iacóib!
nach álainn iad d’áitribh, a Iosrael.
6 Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin,
nó luibhghoirt ar insí abhann,
nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna,
nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!
7 [Tá laoch ag eascar as a síol
agus ag rialú ar chiníocha gan áireamh.]
Is mó ná Agag a rí,
agus uaisleofar a mhórgacht.
8 Tugann Dia as an Éigipt amach é;
is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann.
Alpann sé conablach a naimhde,
agus déanann sé mionramh dá gcnámha
agus tollann iad lena shaigheada.
9 Chúb sé chuige, agus luigh,
mar leon, mar bhanleon.
Cé leomhfadh é chur ina shuí?
Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe;
gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”
10 Tháinig reacht feirge ar Bhálác le Balám. Bhuail sé a bhosa ar a chéile agus dúirt le Balám: “Chuir mé fios ort chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo anois beannacht curtha faoi thrí agat orthu! 11 Imigh ort abhaile. Gheall mé onóir a chaitheamh leat go cinnte, ach tá sin bainte díot ag an Tiarna.” 12 Thug Balám freagra ar Bhálác: “Ná dúirt mé leis na teachtairí a chuir tú chugam: 13 ‘Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d’ór agus d’airgead dom, ní fhéadfainn briathar an Tiarna a shárú agus rud a dhéanamh as mo stuaim féin, cibé acu maith nó olc é; a ndeir an Tiarna, sin é a déarfaidh mé.’ 14 Anois ó táim ag filleadh ar mo mhuintir féin, lig dom rabhadh a thabhairt duit faoi cad a dhéanfaidh an mhuintir seo le do mhuintirse anseo amach.” 15 Ansin chan sé a laoi, agus dúirt:
“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,
céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
16 céalmhaine an té a chluineann briathar Dé,
agus ar fios dó eolas an Té is Airde.
Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;
faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
17 Feicim é—ach ní anois é;
faighim radharc air—ach ní láimh liom é:
Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht;
Éiríonn slat ríoga as Iosrael.
Bascann sé malaí Mhóáb
agus cloigne uile chlann na geona.
18 Cuirtear Eadóm as seilbh,
agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad,
agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.
19 Ceansaíonn Iacób a naimhde,
agus scriosann sé na teifigh ó Ár.”
20 Ansin d’fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt:
“Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha,
ach dísceofar a shliocht go brách.”
21 Ansin d’fhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt:
“Ba dhaingean é do theach, a Cháin,
agus do nead suite go hard sa charraig.
22 Ach is le Beór an nead,
agus an fada a bheidh tú sciobtha i do chime ag Aisiúr?”
23 [Ansin d’fhéach sé ar Óg] agus chan sé a laoi agus dúirt:
“Tá lucht na farraige ag tóstal lastuaidh,
24 longa ó chóstaí Chitím.
Cránn siad Aisiúr, cránn siad Éibir.
Déanfar eisean chomh maith a dhísciú go brách.”
25 Ansin d’éirigh Balám, agus d’imigh leis abhaile. D’imigh Bálác leis chomh maith.