Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Corantaigh 13
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
2 Corantaigh 13:1-14

2 Corantaigh

13 Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d’fhinnéithe.” 2 Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís— 3 ós rud é go bhfuil cruthúnas uaibh gurb é Críost atá ag labhairt ionamsa. Níl aon laige ann siúd ina chuid plé libhse ach é go cumasach in bhur measc. 4 Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.

5 Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh—rud atá mura bhfuil cliste oraibh? 6 Tá súil agam, áfach, go dtuigfidh sibh nach bhfuil cliste orainne. 7 Táimid ag guí Dé nach ndéanfaidh sibh aon olc—ach ní d’fhonn a thaispeáint go bhfuil éirithe linn sa triail é, ach d’fhonn is go ndéanfadh sibhse an mhaith fiú amháin dá ndealródh sé go raibh teipthe orainn. 8 Ní féidir dúinn aon ní a dhéanamh in aghaidh na fírinne ach ar son na fírinne amháin. 9 Bíonn áthas orainn fiú amháin nuair a bhímid féin lag agus sibhse go láidir. Is é ár nguí go gcuirfear sibhse ar lán bhur leasa.

10 Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.

11 Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh. 12 [13:12a] Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. 13 [13:12b] Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh. 14 [13:13] Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn