Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Colosaigh 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
An Bíobla Naofa
Colosaigh 1:1-29

Colosaigh

COLOSAIGH

1 Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid— 2 guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColosae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair.

3 Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh, 4 mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile 5 toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal 6 a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre. 7 Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne; 8 agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.

9 Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d’eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta, 10 ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n-eolas ar Dhia; 11 go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní 12 agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas 13 agus a d’fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d’aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh. 14 Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.

15 Is íomhá den Dia dofheicthe é

agus céadghin gach dúile cruthaithe

16 mar is trídsean a cruthaíodh

a bhfuil ar neamh agus ar talamh

bídís sofheicthe nó dofheicthe,

idir Thróin agus Thiarnais

idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.

Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.

17 Tá tosach aige orthu uile

agus is ann a choinnítear ar bun iad.

18 Is é ceann an choirp é,

ceann na hEaglaise.

Is é an tús é,

an chéadghin ó mhairbh

i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.

19 Mar is ann ab áil

le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,

20 agus is trídsean ab áil leis

gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh

a thabhairt chun athmhuintearais leis féin,

agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

21 Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n-aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha; 22 ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d’fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht. 23 Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.

24 Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais. 25 Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine: 26 an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa. 27 Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh. 28 Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d’fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost. 29 Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn