Sailm
Urnaí an Duine Neamhurchóidigh
Le Dáiví.
26 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna,
óir shiúil mé ar shlí an ionracais,
agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.
2 Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil;
scrúdaigh m’áranna agus mo chroí;
3 óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl,
agus bím ag siúl de réir d’fhírinne.
4 Ní bhím i bhfochair lucht éithigh
ná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.
5 Is gráin liom tionól na n-urchóideach,
agus ní shuím i bhfarradh na n-éagráifeach.
6 Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna,
agus gabhaim mórthimpeall d’altóra.
7 Bíonn altú buíochais á chanadh agam,
agus d’éachtaí go léir á n-aithris agam.
8 Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d’áras,
don áit a gcónaíonn do ghlóir.
9 Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh
ná m’anam le lucht doirte fola;
10 Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu,
agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna.
11 Ach caithimse mo shaol go hionraic:
fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.
12 Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh;
molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.