1 Corantaigh
1 CORANTAIGH
1 Mise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom, 2 chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan: 3 grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
4 Bím ag síorghabháil buíochais le Dia ar bhur son as an ngrásta atá bronnta aige oraibh in Íosa Críost. 5 Mar tá raidhse den uile shórt faighte agaibh ann: raidhse den urlabhra agus raidhse den eolas. 6 Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin i bhfeidhm oraibh 7 nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh. 8 Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost. 9 Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.
10 Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn. 11 Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile. 12 Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá: “leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apollós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.” 13 An amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? An é Pól a céasadh ar an gcrois ar bhur son? An in ainm Phóil a baisteadh sibh? 14 Buíochas le Dia nár bhaist mise duine ar bith agaibh ach amháin Criospas agus Gáias. 15 Ní bheidh sé le rá ag aon duine, mar sin, gurb i m’ainmse a baisteadh sibh. 16 Sea, bhaist mé teaghlach Stiofáin chomh maith ach thairis sin ní eol dom gur bhaist mé duine ar bith eile. 17 Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.
18 Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe. 19 Mar tá scríofa:
“Cuirfidh mé eagna lucht na heagna ar neamhní;
cuirfidh mé éirim lucht na héirime ar leataobh.”
20 Cá bhfuil an t-eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d’eagna an tsaoil? 21 Nuair nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, thograigh Dia as a chuid eagna féin na creidmhigh a shlánú trí dhíth céille an fhorógra seo againne. 22 Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,” 23 ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe; 24 ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é. 25 Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine.
26 Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal. 27 Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú. 28 Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní, 29 ionas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh i bhfianaise Dé. 30 Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt. 31 Dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.”