Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 52
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
An Bíobla Naofa
Íseáia 52:1-15

Íseáia

52 Dúisigh, dúisigh suas!

Cuir umat do neart, a Shíón!

Cuir ort an chuid is galánta de d’éadach,

a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe.

Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó

duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.

2 Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí,

a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh!

Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha,

a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh!

3 Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead. 4 Sea, seo mar a deir an Tiarna: Chuaigh mo mhuintir síos chun na hÉigipte anallód agus d’fhan ansin; ina dhiaidh sin d’imir an Asaír ansmacht agus foréigean orthu. 5 Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m’ainm á mhaslú. 6 Sin é an fáth a gcuirfidh mo mhuintir aithne ar m’ainm; tuigfidh siad, an lá sin, gur mise a deir: “Seo anseo mé!”

7 Nach álainn ar na sléibhte

cosa an té a bhfuil dea-scéala leis,

síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,

fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:

“Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”

8 Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór,

ag liúireach le háthas in éineacht,

óir is léir dóibh lena súile cinn

an Tiarna ag filleadh ar Shíón.

9 Scairtigí amach le háthas,

a bhallóga Iarúsailéim!

mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir,

tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.

10 Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa

os comhair súile na gciníocha go léir,

agus feicfidh críocha uile na talún

beart tarrthála ár nDé.

11 “Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin,

ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan!

Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin,

a lucht iompair shoithigh an Tiarna!

12 Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir,

ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh.

Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil,

agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.”

13 Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla,

gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.

14 Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil,

(bhí sé chomh loite sin ina chuma

—ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)

15 is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha;

fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair.

Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air

agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn