Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 83
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
Salm 83:1-18

Sailm

In Aghaidh an Namhad

Amhrán. Salm Ásáf.

83 [83:2] Ná bí i do thost, a Dhia;

ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.

2 [83:3] Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair;

agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn.

3 [83:4] Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail;

chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.

4 [83:5] Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal;

go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.”

5 [83:6] Déanann siad cogar le chéile d’aon intinn;

déanann siad cor agus conradh i do choinne.

6 [83:7] Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil;

pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,

7 [83:8] Geabal agus Amón agus Amáiléic;

na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre,

8 [83:9] Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo;

a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót.

Selah

9 [83:10] Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián;

le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;

10 [83:11] an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór,

a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh.

11 [83:12] Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha,

oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh –

12 [83:13] an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbh

ar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.”

13 [83:14] Cuir scaipeadh orthu, a Dhia, mar lóchán;

nó mar cháith ag imeacht le gaoith.

14 [83:15] Mar a loisceann an tine an choill,

mar a loisceann an lasair na sléibhte,

15 [83:16] cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann;

cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm.

16 [83:17] Folaigh a n-éadan le náire;

nó go n-iarrfaidh siad d’ainm, a Thiarna.

17 [83:18] Bíodh náire agus scéin go brách orthu;

go n-éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!

18 [83:19] Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna;

an Té is Airde os cionn an domhain go léir.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn